Chuaigh mé ar an traein ó Bhéal Feirste go Doire le gairid. Tá an turas idir an dá chathair déanta agam go mion minic ar an mbóthar ach ba é seo an chéad gheábh ar an mbóthar iarainn. Oscailt súl.
Baineadh siar asam den chéad uair ag an stáisiún i mBéal Feirste mar ar cuireadh fainic orainn gan a dhul sna sé charráistí ba ghaire dúinn.
Treoraíodh na daoine a raibh a dtriall ar Dhoire chuig na trí charráistí ag an deireadh. Ní raibh ach an chuid bheag sin den traein ag dul chomh fada leis an dara cathair; stopfadh an chuid eile taobh thoir den Bhanna.
As sé cinn déag de sheirbhísí laethúla a fhágann Béal Feirste ar an líne sin ní théann ach a leath go Doire.
Tá soláthar i bhfad níos fearr agus níos rialta ar Chúil Raithin nó an Baile Meánach.
Bhí an taobh tíre ó Chúil Raithin go Doire go haoibhinn agus d'fhéadfaí é a dhíol le turasóirí mar cheann de na haistir traenach is breátha sna hoileáin seo.
Turas fada
Thóg an turas dhá uair agus 20 nóiméad, deich nóiméad níos faide ná mar a thógann an traein ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath.
Tá Doire 75 míle ó Bhéal Feirste, 30 míle níos giorra ná an bóthar go Baile Átha Cliath. Gan a dhul rófhada leis an scéal tógann sé seacht nóiméad déag níos faide a dhul ar traein ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh ná mar a thóg mo thuras traenach go Doire.
Tá daonra Dhoire (110,000) beagnach ar comh-mhéid le daonra Chorcaí (119,000).
Bhuail toscaireacht de mhuintir Dhoire leis an Aire Forbartha Réigiúnach i Stormont Dé hAoine seo caite chun a áiteamh air nach mór uasghrádú a dhéanamh ar an tseirbhís traenach agus gur cheart an seanstáisiún sa chathair, foirgneamh liostáilte, a athchoimisiúnú. Chífimid an dtabharfar aird orthu.
Tá an traein tábhachtach aisti féin ach is comhartha sóirt í freisin. Comhartha sóirt, dar lena lán i nDoire ar an bhfaillí a dhéantar sa chathair.
"Cnáimhseáil," a deir roinnt i mBéal Feirste. An líne is deireanaí ansin: "Have you heard of the Derry wine?" Níor chualas. Céard é? "We get nothing and Belfast gets everything."
Údar gearáin
Liosta le háireamh iad na húdair ghearáin ag muintir Dhoire. Chomh maith leis an tseirbhís easnamhach traenach tá an príomhbhóthar idir Doire agus Béal Feirste go huafásach.
An t-aon chathair in Éirinn gan débhealach, a deir siad. Nuair a thit an tóin as an bplean chun an bóthar ó Dhoire go Baile Átha Cliath a fheabhsú bhíothas ag súil go gcaithfí cuid den airgead ar an mbóthar idir Doire agus Béal Feirste.
Fógraíodh go ndéanfaí obair ar an mbóthar ó Bhéal Feirste go Latharna agus ar mhionbhóthar i gceantar Bhaile Monaidh, Contae Aontroma.
Dúirt an Teachta Tionóil Colum Eastwood as Doire go bhfuair sé freagra i scríbhinn ón Aire, Danny Kennedy, go ndéanfaí fógra faoin mbóthar aniar as Doire roimh dheireadh na bliana, go raibh súil go mbeadh maoiniú ar fáil idir 2015 agus 2020 ach nach raibh sé sin cinnte.
Fianaise is ea é seo, arsa Eastwood, gur beag aird atá ag an bhfeidhmeannas ar an iarthar agus nach suim leo athchothromú na heacnamaíochta.
Cnáimhseáil?
Ba dheacair cnáimhseáil a chur ina leith sa chás seo.Tá an t-athchothromú sin idir ceantair ar chlár oibre an fheidhmeannais, in éineacht le forbairt eacnamaíochta.
Nimh agus domlas do dhaoine i nDoire ab ea an fógra le gairid go raibh míle post á soláthar ag Stream International in oirthear Bhéal Feirste. Cailleadh míle post i nDoire bliain go leith ó shin nuair a scor Stream bunáite a ghnóthaí sa chathair.
Taobh thoir den Bhanna atá formhór na bpostanna nua a cruthaíodh le blianta beaga anuas.
Is fíor nach féidir iachall a chur ar infheisteoirí ón iasacht a dhul go ceantair ina bhfuil infrastruchtúr lag.
Tá na hargóintí le hinfrastruchtúr Dhoire agus na ceantair máguaird a fheabhsú doshéanta; is sa toghcheantar sin atá an ráta dífhostaíochta is airde i dTuaisceart Éireann.
Sa mullach air seo tá ceist na hollscoile ag dó na geirbe ag daoine cois Feabhail.
Las ceist na hollscoile splanc an ghníomhaíochais sa chathair leathchéad bliain ó shin agus tá na cneánna fós nimhneach. Lonnaíodh an ollscoil nua i gCúil Raithin in áit coláiste Mhic Aoidh i nDoire a fhorbairt. Feictear do dhaoine go bhfuil leatrom á dhéanamh arís anois tráth a bhfuil atheagrú na hollscoile ar siúl.
Níl anseo ach cuid den scéal. Bhí bliain iontach ag Doire mar chathair chultúir. Bhí ardú meanman follasach. An mbainfear buntáiste as? Sin ceist.
D’fhógair an tAire Cultúir “scéim oidhreachta” dhá mhilliún punt; leanfar le cuid den obair a rinneadh i mbliana agus cuirfear puball ar fail do chomharsanachtaí ar mian leo imeachtaí a chur ar siúl.
D’fháiltigh roinnt roimh an bhfógra. Don chuid eile “ní fhaigheann Doire ó Stormont ach arán agus sorcais”.
Ní mór do Stormont a dhul i ngleic leis an míshástacht seo. Nuair a chuirtear san áireamh cé chomh gníomhach is atá easaontóirí poblachtacha sa cheantar tá práinn le fianaise go bhfuil feidhm leis an bpolaitíocht.