Agus mé ar cuairt ar chathair na dTreabh ar na mallaibh agus ag tabhairt cainte ar Cholm Ó Gaora, poblachtánach agus scríbhneoir Gaeilge nach bhfuil meas a dhóthain tuillte aige go fóill, chuireas ceist ar chúpla duine eile ar spéis leo scríobh agus léamh na Gaeilge.
Bhí barúil á lorg agam i leith na leabhar comhaimseartha Gaeilge ba spéisiúla a léigh siad ar na mallaibh, sin gan ficsean nó filíocht a chur san áireamh. Bhí mo chairde ar aon intinn liom maidir le léitheoireacht an tsamhraidh.
An leabhar aistí ba bhríomhaire agus ba scolártha, an ceann ab airde an chinn aige ar an gcuid eile ab ea Aistí Eorpacha (Coiscéim, €10) le Torlach Mac Con Midhe. Foilsíodh an leabhar sin ag am thar a bheith tráthúil – tá pé coibhneas a bhí ann idir an lár agus ceantair imeallacha na hEorpa ar a dtriail anois agus ag dul go cnámh na huillinne ar shlí nár tharla riamh roimhe seo.
Ní hamháin go bhfuil an togra Eorpach ar a thriail ar bhonn eacnamaíochta agus cultúrtha ach tá cuma chaite ar an togra céanna, agus cuimse pobal, go háirithe sna réigiúin is boichte agus is imeallaí ag teacht ar athsmaoineamh ar theoiricí agus aidhmeanna an tionscadail chéanna.
Ar phobail ilghnéitheacha agus ar an smaointeachas agus cultúr na hEorpa ón bhfréamh aníos seachas ar chúrsaí eacnamaíochta a dhíríonn Mac Con Midhe a aird sa leabhar seo agus is go seoigh a théann sé i ngleic leis na hábhair spéise atá faoi chaibidil aige.
Ar na haistí is tábhachtaí sa bhailiúchán seo tá an chéad cheann – Domhain Teanga ina dtugann Mac Con Midhe léargas tábhachtach nua ar fhéiniúlacht na nGael agus mar a dtéann sé go croí na ceiste i leith thábhacht na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh dúinne ar Eorpaigh muid ach ar mhaith linn an dá thaobh dár gcultúr Éireannach a shealbhú agus a chur ar aghaidh chun na glúine atá romhainn.
Mar a mhíníonn an tUltach go beacht, ní go dtí go ndeachaigh sé chun cónaithe i gceartlár na hEorpa, san Eilvéis agus ceithre theanga á labhairt thart timpeall air – Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Rómainis – agus nuair ba theanga iasachta an Béarla dó i gcéaduair a thuig sé a luachmhaire agus a bhí an Ghaeilge agus a mhéid dá fhéiniúlacht féin mar dhuine atá fréamhaithe sa traidisiún Gaelach agus gach a ngabhann leis.
Is trua liom anois nach raibh an míniú a thugann Mac Con Midhe ar “cad is domhain teanga ann, le fírinne?” léite agamsa blianta ó shin agus ba cheart go mbeadh sé ar na chéad ailt Ghaeilge a léifeadh múinteoirí is léachtóirí na Gaeilge dá scoláirí amach anseo.
Cíorann Mac Con Midhe lear mór téamaí agus fealsúnachtaí mar chuid dá oilithreacht scolártha fud fad na hEorpa agus is iontach mar a nascann sé a chuid smaointe i leith ilghnéitheacht chultúir na hEorpa agus an traidisiún Gaelach. Ó dhomhan aisteach teanga (parole intérieure) James Joyce agus Béarla Bhaile Átha Cliath ar siúl ina chloigeann aige fiú agus é ina chónaí i bPáras, i dTrieste agus i gcathracha nach iad go André Breton, ó Goethe go Platón, ó ríthe na teangeolaíochta dála Vygotsky agus Jakobson – agus an cíoradh a rinne siad beirt ar an ngaol idir an chaint agus an smaoineamh – tá an-scagadh go deo déanta ag Mac Con Midhe ar smaointeoireacht na hEorpa le cúpla céad bliain anuas.
Tá stíl scríbhneoireachta shimplí thaitneamhach aige agus ar na hábhair eicléicteacha a mheabhraíonn sé go heolgaiseach orthu sna haistí seo tá réimsí den cheol clasaiceach.
Anuas air sin, tugann sé léargas nua ar théama na cathrach sna healaíona – ní a bhfuil fíor-thábhacht leis i bhfianaise an méid “filleadh ar an tuath” a bhí mar chuid de litríocht na Gaeilge i gcónaí riamh más buan mo chuimhne ar mo laethanta scoile.
Seachas na haistí ar chúrsaí teanga, tá dhá aiste anseo ar seoda ar leith iad – an ceann a chíorann ceol na n-éan, aiste a chuirfeadh turgnaimh an cheoltóra chlúitigh Olivier Messiaen i gcuimhne duit, agus an machnamh a dhéanann sé ar thábhacht na héisteachta agus cur chuige Heidegger i leith an ábhair chéanna agus an luach a bhaineann leis an tost agus an ciúnas ach go háirithe.
Mar a léiríonn an t-údar anseo, is í an teanga Ghaeilge, teanga a bhfuil mothú agus Zeitgeist "eile" laistiar di , an t-aon cheangal amháin atá againne Gaeil idir an seansaol agus an saol mar atá faoi láthair.
Fréamhacha, a mhac, tá gá leo.