Achrann faoin Ghaeilge sa Tuaisceart

Iarracht déanta le dochar a dhéanamhh agus conspóid a tharraingt


Sceith foinsí sinsireacha i Roinn Comhshaoil an Tuaiscirt meamraim rúnda faoi mholtaí i leith cur chun cinn na Gaeilge chuig nuachtán aontachtach 30 bliain ó shin le ‘conspóid mhór’ a tharraingt agus dochar a dhéanamh don Chomhaontú Angla-Éireannach.

B’in é an tuairim a nochtaigh Comhrúnaí na Comhdhála Idir-Rialtasach i gcáipéisí rúnda stáit atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta.

Chuir aontachtóirí an Tuaisicirt go mór in éadan Chomhaontú Angla-Éireannach a síníodh i 1985 siocair gur bronnadh ról comhairleach ar Rialtas na hÉireann i leith ghnóthaí an Tuaiscirt.

Bhí cúrsaí teanga go mór chun cinn i gclár oibre na Comhdhála Idir-Rialtasach agus bliain tar éis síniú an Chomhaontaithe léiríonn na cáipéisí go raibh dul chun cinn á dhéanamh i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais agus sna príosúin, i dtaobh ceist faoin Ghaeilge a bheith sa daonáireamh ó thuaidh agus i dtaobh cúnamh airgid a thabhairt do ghníomhaíochta cultúrtha is teanga.

READ MORE

Anuas air sin, thug rialtas na Breataine le fios go príobháideach don Rúnaíocht go raibh siad réidh leis an chosc reachtúil ar chomharthaí dátheangacha a bheith ar bhóithre agus ar shráideanna a aisghairm.

Ach ar 25ú Meán Fómhair, 1986 d'fhoilsigh an nuachtán The News Letter trí mheamram rúnda faoi na beartais i leith na Gaeilge a bhí i gceist ag Stormont a thionscnamh.

Sceitheadh na cáipéisí chuig ceannaire na nAontachach Oifigiúil, Jim Molyneaux, agus thug seisean ar lámh iad chuig an News Letter.

I gceann amháin de na meamraim chuig Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, léirigh an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Sir Richard Needham, a mhíshástacht phearsanta faoi chuid de na nithe a bhí beartaithe ag rialtas na Breataine a ghéilleadh i dtaobh na Gaeilge: “My approach to this matter is based on the strong conviction that any movement towards bilingualism in Northern Ireland should be strongly resisted. To do more than this would have serious administrative as well as political repercussions.”

Mheas an Ridire Needham go raibh rialtas na hÉireann ag cur an-bhéim ar chomhraíocht dhátheangach ar shráideanna mar go raibh siad buartha faoin phoiblíocht agus an tacaíocht a bhí á fháil ag Sinn Féin de bharr comharthaí sráide i nGaeilge a bheith á gcur in airde acu.

Ach in ainneoin doichill an Aire Comhshaoil bhí go leor moltaí sna cáipéisí maidir le stádas dlíthiúil a thabhairt do logainmneacha Gaeilge.

Bhí sé molta, mar shampla, go gcuirfí deireadh leis an chosc ar chomharthaí dátheangacha trí fhoráil san Acht um Rialtas Áitiúil (1949) a aisghairm agus go ndéanfaí maoiniú ar mhórstaidéar ar logainmneacha Gaeilge an Tuaiscirt.

Chrochfaí comhtharthaí dátheangacha ar shráideanna ina mbeadh 85 faoin gcéad de na daoine a bhí ina gcónaí iontu á lorg.

Ach chuir sceitheadh na gcáipéisí an lasóg sa bharrach. Dúirt an Feisire Aontachtach, Harold McCusker, gur bua de Shinn Féin a bhí sa mhéid a bhí beartaithe agus d’impigh sé ar an phobal cur go tréan ina éadan.

Dúirt Sinn Féin, áfach, go raibh an pobal náisiúnach ag crochadh comharthaí Gaeilge in airde le fada agus nach raibh aon suim acu cead a fháil ó dhaoine eile chun é seo a dhéanamh.

Ach bhí Comhrúnaithe na Comhdhála Idir-Rialtasach fíor-bhuartha faoin sceitheadh agus faoin éigeandáil a cruthaíodh dá bharr.

Dúirt Comhrúnaí ó Rialtas na hÉireann, M J Lillis, go raibh amhras ann anois faoi rúndacht imeachtaí na Comhdhála: “There is no doubt that the impact of these papers on the Unionist Community and political leadership will be, to quote my opposite number, ‘devastating.’ The papers show that the worst fears of Unionists about the working of the agreement and specifically the role of the Irish Government are fulfilled in detail.”

Ní raibh aon amhras air, áfach, faoi fhoinse ná cúis na scéite: “Officials here believe that those responsible are in the higher ranks of the Department of the Environment and that the leak was deliberately arranged to create major controversy.”

Bhíothas buartha fosta faoi shábháilteacht na státsheirbhíseach ón Tuaisceart a bhí ag plé leis an cheist agus a bhí ainmnithe ins an tuairisc a bhí ag The News Letter.

Mar thoradh ar sceitheadh na gcáipéisí mhol Comhrúnaí na Breataine ar an Chomhdháil gur cheart do Rialtas na hÉireann “a carefully drafted non paper” seachas cáipéis fhoirmiúil a eisiúint chun a léiriú a ghoilliúnaí is a bhí an cheist don dá rialtas.

Chuaigh rudaí in olcas mar thoradh ar an sceitheadh, áfach. I mí Dheireadh Fómhair, 1986 thug Comhrúnaí na Rúnaíochta Angla-Éireannach, Mark Elliott, ó Oifig Thuaisceart Éireann le fios dá chomhrúnaí ó dheas go raibh “a certain loss of nerve” ann anois ó thaobh ceisteanna a bhain leis an teanga.

Thabharfaí le fios don Chomhdháil Idir-Rialtasach go raibh deacrachtaí maorlathais ag baint le leasuithe ar logainmneacha ach b’é fírinne an scéil ná go raibh eagla ar rialtas na Breataine roimh “an open revolt in Departments here, notably in the Department of Environment”.

Cuireadh na leasuithe ar an mhéar fhada agus níor tháinig deireadh leis an chosc ar chomharthaí dátheangacha ó thuaidh go dtí Feabhra na bliana 1995. Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap