Tiogar an da thaobh

Beocheist: Tá Éire ina huachtarán ar an Aontas Eorpach go cionn leathbhliana agus tagann a seal ag uair na cinniúna

Beocheist: Tá Éire ina huachtarán ar an Aontas Eorpach go cionn leathbhliana agus tagann a seal ag uair na cinniúna. Ar an taobh amháin de, tá aighneas idir na tíortha móra agus na tíortha níos lú faoi thodhchaí na hEorpa mar chónaidhm, agus ar an taobh eile de, beidh deich mballstát nua ag teacht isteach.

Ba bhreá an rud é dá bhféadfadh Éire gaisce a dhéanamh agus an bealach a thaispeáint chun na deacrachtaí móra romhainn a réiteach. Ach an bhfuil Éire creidiúnach sa ról sin?

Tá mé féin ag déanamh monatóireachta ar na meáin nuachta i gceithre thír anseo ar mhór-roinn na hEorpa le roinnt blianta anuas agus níl íomhá na hÉireann rósciamhach iontu. Ní fheictear na hÉireannaigh mar fhíor-Eorpaigh ach mar dhaoine a fuair deontais ón mBruiséil chun infrastruchtúr an Stáit a fheabhsú, agus ansin a mheall comhlachtaí móra ó na Stáit Aontaithe le córas cánach íseal agus a thug deis dóibh a gcuid earraí a dhíol ar mhargadh na hEorpa tríd an chúldoras.

Níl dearmad déanta go fóill gur dhiúltaigh muintir na hÉireann Conradh Nice i reifreann. Is léir nár theip ar an reifreann an uair sin ach de bharr nóisean seineafóbach i measc mionlaigh a bhí ag maireachtáil fós sna 1950í. Ach thaispeáin easpa suime thromlach na vótóirí gur chuma leo faoin Eoraip agus níor bhac aicme polaitíochta na tíre le hiad a spreagadh chun vótála.

READ SOME MORE

Tá an t-iomrá ar na hÉireannaigh go bhfuil siad san Aontas chun airgead a shú as, ní chun aon chúnamh a thabhairt don tionscadal Eorpach féin. Is léir go bhfuil Éire i bhfad níos cóngaraí ní hamháin do na Stáit Aontaithe ach do Shasana, "buachaill dána" an Aontais a dhéanann a gcomhairle féin i gcónaí. Tadhg an dá thaobh atá in Éirinn, dar leis na hEorpaigh eile.

An bhfuil an ceart ag Eorpaigh an bharúil sin bheith acu? Cinnte, is maith an rud é go bhfuil Éire éirithe chomh saibhir. Ach is léir go bhfuil an Tíogar Ceilteach agus a shaibhreas bunaithe, ní ar earnáil ard-teicneolaíochta Éireannach féin, ach toisc a lán Éireannach bheith mar thráilleanna connaidh agus uisce ag comhlachtaí móra Meiriceánacha. Níos mó ná aon uair riamh, is í Éire an "51ú stát".

Tá smaoineamh na haicme polaitíochta in Éirinn (beagnach gan eisceacht) dírithe ar an Bhreatain agus ar na Stáit Aontaithe. Bíonn gach eolas ag muintir na hÉireann ar chúrsaí polaitíochta agus sóisialta Shasana agus tá eolas maith acu ar chúrsaí sna Stáit Aontaithe. Ach is beag eolas a bhíonn acu ar thíortha eile - an Fhrainc agus an Ghearmáin - nach bhfuil chomh fada sin i gcéin.

Is mar thurasóirí a shamhlaíonn siad pobal na dtíortha sin agus iad ar a laethanta saoire. Bíonn eolas áirithe acu b'fhéidir ar bhia agus dheoch agus a leithéid, ach ní bhíonn eolas dá laghad acu de ghnáth ar pholaitíocht, shochaí nó cheisteanna móra díospóireachta poiblí sna tíortha sin.

Tá cúis leis an aineolas seo, ar ndóigh. Cultúr agus teanga atá i gceist. De bharr úsáid an Bhéarla, is cuid den domhan Angla-Shacsanach í Éire, ní cuid den Eoraip. Ní hamháin go labhrann muintir na hÉireann (nó a bhformhór) Béarla, ach go ndiúltaíonn siad déileáil le haon teanga eile. Más turasóir eachtrannach in Éirinn thú agus muna mbíonn Béarla agat, beidh tú i gcruachás.

Tá an feiniméan seo riachtanach chun Éire agus a ról sa domhan sa lá atá inniu ann a thuiscint, fiú muna dtugann aicme polaitíochta na hÉireann mórán airde riamh ar chúrsaí teanga agus cultúir. Feictear domsa go soiléir go bhfuil dlúthbhaint ó thaobh na síceolaíochta de idir eachtra coscrach thréigean na Gaeilge tráth agus diúltú glan na nÉireannach plé le haon teanga ar bith ach amháin an Béarla.

Maireann mórán de mhuintir na hÉireann i bpríosún an Bhéarla. Níl aithne acu ar an domhan taobh amuigh den bpríosún sin. Tá comharthaí beaga ann go bhfuil cuid de lucht na Gaeilge réidh chun an ról sin a ghlacadh in Éirinn. Gaeilgeoirí mar avant-garde? Níl mé ach ag leathmhagadh.