Beocheist: Besides voting, there are other minor mysteries and issues connected with the Nice referendum, writes Seán Ó Riain
Roimh gach reifreann le tamall de bhlianta anuas scaip An Coimisiún Reifreann eolas ar gach aon teaghlach.
Leagadh amach, go huireasach cheap daoine áirithe, na príomhphointí ar son agus i gcoinnibh na ceiste, na hargóintí a bhain le pionós an bháis, leis an chúirt choiriúil idirnáisiúnta, le cosaint na beatha sa bhroinn agus, dar ndóigh, le Conradh Nice féin.
Gach aon uair seoladh trí chóip de leagan Béarla bileoga eolais an Choimisiúin go dtí an tigh seo againne - ceann amháin chuig "The O'Riain Family" (Cad tá cearr le "Clann Uí Riain" os rud é gur i nGaeilge atáimid go léir cláraithe mar vótóirí?) agus ceann an duine go dtí an bheirt bhan sa tigh. Faic do na fir.
Cad a tharlódh dá seolfaí bileoga chuig na fir ach faic chuig na mná? Bheadh raic ann, bí cinnte de.
Ar eagla na míthuisceana, ní hé go dteastaíonn uaim go seolfaí bileog an duine chuig gach ball teaghlaigh. Táim go mór i bhfábhar ciorrú a dhéanamh ar an bpáipéarachas, caomhnaigh na coillte.
An fhiosracht is mó atá ag cur as dom. Cé a dhein an cinneadh in oifig stáit éigin gan bileog a sheoladh chuig gach éinne?
Agus ansin cé a dhein an dara cinneadh gurb iad na fir a d'fhágfaí ar an ghannchuid, mar a déarfá? Freagra, le bhur dtoil.
Tá an t-eolas tábhachtach ach seans maith go gceapann daoine go bhfuil an bheatha níos tábhachtaí fós. An cuimhin leat na piollairí a chosnóidh sinn, más fíor, ar dhrochthionchar timpistí núicléacha?
Sea, fuaireamarna bosca deas néata don "O'Riain Family" agus bosca deas néata an duine don bheirt bhan sa tigh. Faic do na fir.
Is dócha go gcaithfimidne bosca na clainne a roinnt eadrainn, cé nach bosca é a thabharfadh lucht fógraíochta "family size" air.
Mar a dúras, dá dtarlódh a leithéid do na mná, bheadh clampar ann. Ach b'fhéidir gur scéal thairis anois é mar ní cuimhin liom cad a dheineamar leis na piollairí.
Is dócha gur chuireamar i dtaisce iad ach cén áit go díreach?
Seo ceist eile atá ag dó na geirbe agam le tamall. Nuair a bhíodh na páistí seo againne ag gabháil do dhíospóireachtaí Ghael-Linn is Ógra Éireann, bhíodh sé mar phort agamsa: "Tá fhios agaibh, a leanaí, go bhfuil dhá thaobh le gach ceist."
"Raiméis, a Dheaid. Níl ach taobh amháin ann. Tá an fhoireann seo againne ar son an rúin agus caithfimid cloí leis an taobh sin den argóint. Sé sin, má theastaíonn uainn an bua a fháil!"
Á, an bua. An rud is práinní.
Ó shin i leith ní mór an meas atá agam ar dhíospóireachtaí scoile mar ghléas oideachais.
Thosnaíos ag smaoineamh ar na leanaí agus ar na seanlaethanta le déanaí agus mé ag éisteacht leis na polaiteoirí ag plé cúrsaí Nice. Taobh amháin le gach scéal, gach scéal ina dhubh nó ina bhán.
Dar liomsa, níl aon rud, Conradh Nice san áireamh, chomh foirfe san nach bhfuil locht ar bith air.
Mar an gcéanna níl aon rud chomh fabhtach san nach bhfuil buntáiste nó dhó ag baint leis.
NÁR bhreá an rud é dá n-admhódh polaiteoirí: "Féach, a dhaoine uaisle, seo iad na rudaí maithe i gConradh Nice, seo iad na rudaí sa chonradh a chuireann imní orainn. Is ceist chasta é."
Agallamh is comhrá in áit díospóireacht scoile. Dar ndóigh, ní tharlóidh sé sin. Tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil buntáistí is míbhuntáistí ag baint le Conradh Nice ach ní cheapfá sin ó bheith ag éisteacht leis na polaiteoirí.
A ndearcadh siúd is a ndearcadh siúd amháin atá ceart. Ar chualais riamh an focal "b'fhéidir" ag teacht ó bhéal polaiteora?
Cuireann cinnteacht na bpolaiteoirí, go háirithe iad san a bhfuil cumhacht acu, maidir lena dtuairimí féin eagla orm. Go bunúsach is cur chuige maslach mímhacánta é. Agus ansin bíonn ionadh orthu nuair nach mbíonn iontaoibh ag daoine astu.
Den chéad uair riamh tuigim do na daoine nach gcaitheann vóta ar chor ar bith.