Tar éis sé seachtainí i Tokyo agus laptop nua faoi m'ascaill agam, airím an-chosúlacht idir an chathair seo agus ríomhaire, a scríobhann Angela Bourke. I ndiaidh scrios an chogaidh, nuair a bhí athnuachan cathrach á phleanáil, is cosúil gurb é a shamhlaigh duine de na hailtirí móra, cuid de Tokyo a bheith buan, agus an chuid eile a bheith sealadach.
Thógfaí an córas cumarsáide agus taistil mar chóras buan, ach ní bheadh sna tithe cónaithe agus sna foirgintí ach gréasán sealadach a bhuailfí anuas orthu ina dhiaidh sin. D'fhéadfaí na tithe a leagan agus a thógáil as an nua de réir mar a bheadh an rachmas ag dul chun cinn. Shílfeá, agus tú ag teacht as Éirinn, gur dearcadh réabhlóideach, nua-aimsireach a bhí anseo, ach tá a leithéid ann le fada. In Ise, 300 ciliméadar siar ó Tokyo, atá an scrín is tábhachtaí agus is beannaithe de chuid Shinto, creideamh dúchasach na Seapáine. Tá sí ann le 1,000 bliain, ach is amhlaidh a leagtar í gach 20 bliain, agus a thógtar as an nua í. Is buaine gairdíní ná na tithe a mbaineann siad leo: bíonn siad ann ó ghlúin go glúin, ach deirtear go bhfuil aois mhór ag teach atá ina sheasamh le leathchéad bliain. Ní bhíonn in aon rud ach seal san áit a mbíonn an talamh ag crith go rialta - nó go neamhrialta - agus sé sean-nós na tíre na tithe a bheith déanta as adhmad agus páipéar. Tá buntáiste lena leithéidí i dteas marfach an tsamhraidh, mar is féidir na shüji - na scáileáin pháipéir a chlúdaíonn na fuinneoga - a oscailt uilig, agus breith ar gach leoithne gaoithe agus gach séideán aeir. Sna laethanta nua seo áfach, ní le hadhmad ná le páipéar a bhítear ag tógáil, ach le cruach agus coincréid. Bíonn creatlach na bhfoirgintí nua le feiceáil ar aghaidh na spéire: mar a bheadh téada dhamhán alla, ach cruth cearnógach orthu, agus iad mór, ard, millteach. Seasann gach foirgneamh as féin, fiú mura mbeidh ach sé orlach idir é agus a chomharsa. Feicim bloc dheich n-urlár, agus teach beag dhá stór taobh leis, agus tuigim luach na talún, agus an brú aníos atá ar dhaoine. Láthair nach bhfuil d'éadan sráide ann ach ceithre mhéadar, beidh cúig nó sé árasán ar a laghad os cionn a chéile ann, agus staighre bíse ag dul suas ar an taobh amuigh, sa chaoi is go mbeidh gach doras ag oscailt amach san aer, agus balcóin ag gach ceann acu. Beidh ardaitheoir ar an taobh istigh, ar ndóigh, mar ní mhairfeadh an chathair seo cheal ardaitheoirí. Seans go mbeidh garáiste nó áit pháirceála istigh faoin teach ag leibhéal na sráide, agus gurb é an tiarna talún féin a bheidh ina chónaí thuas ar bharr an tí. Ainneoin gurb í seo tír na n-ollchomhlachtaí: Sony, Toyota, Mitsubishi, Canon, agus a leithéidí, is iontach an oiread gnóthaí beaga atá le feiceáil: siopaí agus bialanna, garáistí agus monarchana. Chuala mé faoi bhaintreach a fuair píosa beag talún le huacht (garraí ríse a sinsear, tráth), agus atá ag maireachtáil anois ar an gcíos a thuilleann an carrchlós a thóg sí air. Is é atá ar an taobh amuigh de na foirgintí nua-aimsireacha, tíleanna, mar a bheadh in Éirinn ar bhallaí sheomra folctha, ach go mbíonn siad beag, agus gan mórán snas orthu. Seift atá anseo, dar le cara amháin liom, leis na céadta gnó criadóireachta a choinneáil ag imeacht ó thit an tóin as go leor dá margadh. An foirgneamh úrnua seo a bhfuil mé féin ar an ochtú hurlár de, agus a tógadh i 1999, tá sé clúdaithe ar fad le tíleanna beaga liatha, dhá orlach cearnógach an ceann. Tíleanna freisin a bhíonn faoi do chosa go minic, agus tú ag siúl na sráide thar bráid. Cuma an-ghlan, an-néata ar an iomlán, agus plandaí glasa ag fás in aon áit a bhfuil cúinne i leataobh. Ach níl sna foirgintí seo ach seal: leagfar arís iad faoi cheann roinnt blianta, agus tógfar cinn níos airde. Níl iontu ach an clúdach atá ar inneall na cathrach, nó an t-éadach atá sí a chaitheamh. NÍ áit í an chathair seo, dáiríre, ach meaisín, nó ollphéist, b'fhéidir, a bhfuil go leor áiteanna á n-iompar aici, sráidbhailte agus pobail atá ann leis na cianta: smaoiním ar Iasconius, an míol mór i scéal Bhréanainn, ar las na manaigh tine ar a dhroim i nganfhios. Is rud beo í an chathair, cinnte, agus is é atá sna milliúin daoine atá á gcur thart inti ó mhaidin go faoithin, coirpíní a cuid fola, nó bytes eolais, b'fhéidir, más é atá innti dáiríre, ríomhaire. An t-iontas céanna a chuireann an ríomhaire beag saimhioldánach seo im ucht orm, a bhfuil an t-uafás eolais scríofa mion, mion ina chuimhne in áit éigin, cuireann an chathair orm freisin é. Feicim na fir ina gcodladh ar an traein, nó ag obair an-déanach taobh thiar d'fhuinneoga a gcuid oifigí, agus braithim go nglacann siad leis gur cuid den fhearúlacht - mianach samurai, fiú - bheith i do bhuachaill ag an gcathair seo - gur tábhachtaí i bhfad an post ná a saol féin. Tuigim ó mo chuid léitheoireachta agus ó chomhráití le cairde liom, gurb í sin an tuiscint a rialaíonn saol na mban freisin. Ní hé go mbítear ag súil le díograis den tsórt sin uathu féin ina gcuid oibre: postanna "beaga" a bhíonn ag mná go hiondúil; ach beidh orthu géilleadh fad a mhairfidh siad don dualgas atá ag fir dá gcuid oibre. Mura bpósfaidh siad, beidh trua ag an saol dóibh, ach má phósann, fágfar cúram an tí agus na clainne ar fad fúthu, agus ní fheicfidh siad a gcuid fear ach déanach san oíche nuair a thiocfaidh siad abhaile ar deireadh, agus iad spíonta ar fad. Dar le seanchas na mban, ní bhíonn ag an bhfear pósta ach comhrá trí fhocal nuair a thagann sé abhaile: meshi, furo, neru: béile, folcadh, codladh! Tá Angela Bourke ar dhuine d'eagarthóirí an Field Day Anthology, volumes four and five: Irish Women's Writing and Traditions, atá le foilsíu ag Cló Ollscoil Chorcaí i mbliana. Sliocht é seo as dialann a scríobh sí nuair a chaith sí trí mhí sa tSeapáin i 1999.