Na teangacha neamhfhorleathana - 'C'est du folklore'

Na teangacha neamhfhorleathana - 'C'est du folklore'Is spéisiúil i gcónaí mar a chuireann daoine nach bhfuil teanga neamhfhorleathan…

Na teangacha neamhfhorleathana - 'C'est du folklore'Is spéisiúil i gcónaí mar a chuireann daoine nach bhfuil teanga neamhfhorleathan acu síos ar an chineál sin teanga.

Ina leabhar, Mother Tongues: Travels through Tribal Europe (Picador), chuaigh Helena Drysdale, scríbhneoir ón Bhreatain agus a clann ar camchuairt ar fud mhór-roinn na hEorpa.

Chuir sí tuairisc mionteanga gach aon áit ar tháinig sí i dtír. Agus nach í a rinne taisteal mór - thug sí cuairt ar an Fhionlainn agus ar an tSualainn; ar an Fhrainc; an Spáinn; an Iodáil; an Ísiltír agus an Bheilg; an Choraisc; an tSairdín agus ar an Ghréig.

Caithfear a rá nach bhfuil de mhodh oibre ag Drysdale ach go gcuartaíonn sí daoine a deirtear léi bheith gníomhach i gcúrsaí teanga agus cultúir. Níl bunús ar bith eolaíoch lena cuid tuairimí. Buaileann sí le daoine; labhrann sí leo agus scríobhann sí síos a barúlacha. Sa mhéid sin de, ní leabhar é a mheasfá bheith róchruinn ó thaobh taighde de.

READ SOME MORE

Agus sin ráite, tá luach áirithe leis an bhuille faoi thuairim. Deirtear léi nach ann don Bhriotáinis: "C'est du folklore." De réir thaithí Drysdale, d'fhéadfá an rud céanna a rá faoi mhórán de na teangacha neamhfhorleathana.

Tá eisceachtaí ann. Is léir di go bhfuil an Chatalóinis an-bhisiúil. Ach, saoithiúil go leor, is í an Chatalóin ceann de na háiteanna nach réitíonn léi.

Mothaíonn sí bagairt áirithe i dTír na mBascach fosta. Ní réitíonn na barúlacha láidre ar son an IRA agus ETA a léiríonn muintir an cheantair léi ar chor ar bith.

Ceann de na rudaí a chuireann an leabhar ar shúile an léitheora, an difear idir an stát polaitiúil agus náisiún na teanga. Breac atá an mhór-roinn le teangacha. Ach is ar éigean atá ceann ar bith acu slán sábháilte.

An tseachtain seo caite féin, bhí scéal ar eurolang - seirbhís eolais na dteangacha neamhfhorleathana - ag tabhairt le fios go raibh teanga na mBascach i mbaol a báis sa chuid sin de Thír na mBascach atá faoi riail na Fraince. Níl an oiread sin páistí ag foghlaim na teanga agus níl an oiread sin tacaíochta le fáil di.

Ag fágáil i leataobh luach thuairimí Drysdale, bhí rud amháin a rith leis an cholúnaí seo faoin leabhar - an oiread poiblíochta a ghin sé. Léirmheas ar Independent na Breataine a chuir an colúnaí seo ar an eolas faoi. Rinneadh iarracht é a ordú roimh an Nollaig trí WH Smith. Bhí sé as stoc. Chuir mé ordú le siopa i mBéal Feirste. Beagnach dhá mhí ina dhiaidh sin a tháinig an leabhar. Cibé eile faoi Mother Tongues, bhí díol air.

Agus is é sin an chuid is tábhachtaí faoi. Seo leabhar i mBéarla, scríofa ag duine nach ball de phobal teanga neamhfhorleathan í, ag cur síos ar ábhar atá ríthábhachtach do chultúr na hEorpa. B'fhearr go mbeadh a leithéid scríofa ag duine a thuig cás na dteangacha - ní mar mhaithe le prapaganda nó bolscaireacht - ach ionas go dtuigfeadh daoine go bhfuil ábhar dóchais le fáil i gcásanna áirithe.

Léiríonn an leabhar arís an bhearna idir an dearcadh a chuireann lucht mórtheanga chun cinn agus fíorstaid cúrsaí. Is fearr go minic a thuigeann an cainteoir ó phobal mionteanga a chás ná duine ar bith eile. Ach ní ann do na foinsí scríofa i mBéarla.

NÍOR thug Drysdale cuairt ar Éirinn, Albain nó ar an Bhreatain Bhig le linn a taistil. Dá dtabharfadh, is cinnte go gcuirfí dearcadh éadomhain ar chúrsaí teanga inár láthair. Cuimhnigh fosta ar an raic a tharraing leabhar Reg Hindley, The Death of the Irish Language: a qualified obituary, le cuimhne ar an dóigh a n-imíonn an díospóireacht chultúrtha ó stiúir ar neamhchead do lucht na Gaeilge.

Bíonn, go minic, an-droch-chaighdeán leis an díospóireacht phoiblí Bhéarla faoi chúrsaí Gaeltachta agus teanga. Ní bheadh sé de dhánaíocht i dtráchtaire ar bith, mar shampla, dul a chaint ar litríocht, stair agus ar chultúr na Gearmáine gan cuid éigin de theanga na tíre sin bheith ar eolas aige. Ní bhíonn an drogall céanna ann chomh fada agus a bhaineann sé le ceist na Gaeilge. (Leoga, dá mbíodh cuid de na tráchtairí seo ag caint ar an Ghearmáin féin, níor léir do mhórán acu gur thit an Balla!)

Tá an t-am ag Foras na Gaeilge, nó eagras éigin eile, cás na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur chun cinn i bhfoilseacháin Bhéarla/dhátheangacha nó i bhfóram poiblí sula ndéantar dúinn é.

C'est du folklore? Chan go fóill beag. Cuirtear sin ar shúile an phobail mhóir.