An Peann Coitianta: Tá an lá geallta breá, ceo fós ar na beanna, agus na héadaí troma fágtha inár ndiaidh againn.
Ní haon ualach do dhuine a bhuataisí ar an sliabh. An mapa leata os ár gcomhair ag mo chompánach sléibhe. Táimid i dtír bheannach Chill Mhantáin, laisteas de Ghleann Maolúra. Log na Coille mar sprioc.
"B'fhearr liom an bealach ón taobh theas" a deir sé, agus an cúrsa á bhreacadh aige. "An Fear Bréige is dócha atá ar Fearbreaga...Leadhbach ar Lybagh, Sliabh Meáin agus ar aghaidh uaidh sin go barr...bíonn na sluaite aníos trí Ghleann Uíbh Máil."
Beirt "óirí" sinn, eisean ina 1798óir mise im 1968óir, gan ach an dá chéad bliain féin eatarthu. Fós, is féidir buille faoi thuairim a thabhairt faoin mbunbhrí laistiar de na macallaí, go háirithe ar an ard. Cuimhním ar na focail ag George Steiner in After Babel: "It can happen that a society can become imprisoned in a linguistic contour that no longer matches the landscape of fact".
Fuasclaíonn ár gcoisíocht éasca an chaint eadrainn an athuair. Is fada ó bhíomar amuigh cheana i dteannta a chéile. Mar a bhíomar tráth, mar atáimid anois. An talamh a bheadh bog de ghnáth, daingean, seasmhach ag triomach fhómhar na ngéanna. Mo chompánach ina fhear tréan, lúfar, scafánta. Is é mo dhícheall é coimeád bonn ar bhonn leis.
Ainmneacha na n-éan ar bharr a ghoib aige in dhá theanga, aithníonn agus ainmníonn sé iad gan barrthuisle i lár a chuid truslóg.
"Féach ansin, dhá scréachóg choille lena marc bán."
"Cén t-éan é sin?"
"Jay. Éist lena ngleo. Ainmníodh go paiteanta i nGaeilge iad."
"Éan corr...Thit tú féin i ngrá leis an dteanga chomh maith le duine."
"An teanga agus saol na Gaeltachta . An tseanmhuintir."
"Thóg tú do chlann féin le Gaeilge."
"Rinne mé mo dhícheall. Tá mé bródúil as sin."
"Táim fhéin ag fáil blas arís ar Sheanfhocail na Mumhan."
"Casann an roth thart."
Braithimid go bhfuil ré éigin thart inár saol araon. Pé ré í. Trí huaire a chloig is ea é go barr Log na Coille, is mó atá saothar ormsa ná airsean, agus ligimid ár scíth san fhothain ar Leadhbach. Móin ard chlochach, agus stiallacha bainte den talamh ach gan aon mhóin bainte le fada. Rianta rothaí quadrants, jetskis an tsléibhe anseo. Gáirí croí is mó a bhíonn againn os cionn bia agus tae, ag trácht ar éagantacht agus ar iompar na bhfear timpeall ar mhná.
Leathann an tír amach mar a d'osclófaí beart i bpáipéar donn de réir mar a dhruidimid in airde, na beanna á n-ainmniú ag mo chompánach síos go Baile Haicéid, Gráig na Manach agus Stua Laighean.
Na gleannta á nochtadh féin os ár gcomhair, agus sinn ag éirí lastuas díobh, Gleann na Dumpála ceann acu. An lá gan a bheith chomh breá is a gealladh, é fuar a dhóthain ar an aird, táimid meáite ar an mbarr a bhaint amach. Scéalta aige féin ar na sléibhteoirí ag traenáil do na hAlpa ar Log na Coille, iad amuigh oíche Cinn Bhliana.
Banaltra na cuaiche nó an fhuiseog mhóna mar chompánach againn ar Shliabh Meáin. Trí chearc fhraoigh. Buailimid leis na siúlóirí a thagann aníos an bealach réidh as Séiscinn ó Ghleann Uíbh Máil ar an slí.
"Ag lorg an uaignis a bhím fhéin amuigh anseo" a deir sé agus sinn inár stad ag féachaint uainn. Tá na himlínte comhairde gairid dá chéile ar an slinneán deireanach i dtreo an mhullaigh ach ní haon strus mór é a dhreapadh.
"Síos ansin a bhí Michael Dwyer ar a theicheadh," ar sé agus an tírdhreach ag leathadh siar isteach i dtreo Chill Dara. "Agus Myles Byrne féin, tá sé curtha i Père Lachaise i bPáras."
"Tá an Fhrainc ina tearmann i gcónaí ag na díbeartaigh."
TÁ Log na Coille leathan, réidh ar an mbarr. É fáiscthe ón dá thaobh ag failltreacha, na Príosúin Thuaidh agus Theas. Baill de chlub siúil suite i mbun a ngreama romhainn, mná meánaosta is mó. Babhta cadrála agus gáirí againn ar a chéile, iadsan chomh feistithe don sliabh le mainicíní ar chatwalk, ach iad righin, tiufálta lena chois.
Glanann an lá. Stríocaí gorma sa spéir ag leathadh diaidh ar ndiaidh agus iad ag ligean an ghrian amach. Teas éigin san aer. Más beag an chéim féin í, is mór agam féin é an barr a bheith bainte amach. Cuimhním arís ar fhocail Steiner. Sínimid sa bhfraoch ag féachaint uainn síos isteach i gCúige Laighean. Tá dhá fhiach dhubha ag rince le sult iomlán san aer os cionn na bPríosún, iad ag éirí agus ag titim de ruaigeanna reatha, ag tabhairt na gcor. Tá a fhios acu go gcoiméadfaidh na sruthanna aeir in airde iad. Tá fhios acu. Seo leo isteach is amach, ag rothlú, ag tumadh, ag timpeallú. Sinn inár bhfiacha dubha araon sa bhfraoch. Ag fiachaint orthu.