'Má tá slánú i ndán don Ghaeilge, is ag brath ar óige na tíre atá sé. Caithfear dul i bhfeidhm ar dhaoine óga le go n-áireoidh siad an Ghaeilge i measc na rudaí a shíleann siad gur chóir a chosaint agus a chaomhnú.
"Chuaigh daoine óga in Éirinn go Genoa le léirsiú i gcoinne an G7, mhair daoine óga thuas crainnte sa Glen of the Downs, mháirseáil daoine óga chuig Ambasáid Mheiriceá le léirsiú faoi ionsaí na hAfganastáine. Cé hiad is glóraí faoin reifreann faoin nginmhilleadh? Ach ar léirsigh aon ghrúpa faoi bhun 45 bliain d'aois faoi staid na Gaeilge le blianta anuas?"
Muireann Ní Mhóráin ón eagras tacaíochta teaghlaigh, Comhluadar, a dúirt agus í ag caint le Tóstal na Gaeilge i nGaillimh ag an deireadh seachtaine. Ba cheart do na heagrais Ghaeilge plean tarrthála a cheapadh a bheadh dírithe ar thuismitheoirí óga "seachas bheith ag caitheamh ama ag iarraidh daoine níos sine a mhealladh i dtreo na teanga le ranganna sean-nóis, fotheidil agus seachtainí Gaeilge".
Dúirt sí go raibh feachtas mór bolscaireachta de dhíth, "feachtas muiníneach, láidir glórach a léireodh luach na teanga agus buntáistí an dátheangachais agus a bhuanódh in aigne daoine óga nach dochar, ach a mhalairt a dhéanfadh sé dá bpáistí bheith dátheangach, a léireodh do thuismitheoirí an todhchaí gur acu siúd atá an rogha".
Mhol sí "éacht" na gaelscolaíochta ach b'ábhar imní é a laghad daltaí a chloígh leis an teanga i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil: "Tá na mílte dalta tagtha tríd chóras na gaelscolaíochta le blianta beaga anuas ach cá bhfuil siad? Is beag fianaise gur ann dóibh. Chomh luath agus a fhágann a bhformhór an scoil fágann siad an Ghaeilge chomh maith."
Ba ghá do thuismitheoirí ról níos lárnaí a imirt i gcúrsaí teanga, gan í a fhágáil faoi mhúinteoirí amháin. Ba den riachtanas é tacaíocht ón mbaile leis an teanga a bhuanú i saol na bpáistí. Cháin sí an "leisciúlacht" a bhí ar a lán tuismitheoirí faoin cheist.
Ba cheart cláir scoile a fhorbairt "faoi chaomhnú na teanga agus faoin dátheangachas le go bpléifeadh déagóirí an scéal mar a phléann siad cúrsaí éiceolaíochta, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí domhanda agus ní i gcomhthéacs an chultúir ar chor ar bith ach i gcomhthéacs chosaint a dtodhchaí ..."
Thug sí rabhadh gur beag páiste a thógfaí le Gaeilge i gceann 10 bliain mura rachfaí i bhfeidhm ar thuismitheoirí sula ngintear agus sula saolaítear iad. "Is fíordheacair teanga teaghlaigh a athrú. Ní dhéantar cinnithe faoi rogha teanga agus an leanbh saolaithe ... Ní dhéanfaidh sé aon difríocht cá mbeidh na teorainneacha Gaeltachta, is cuma cén Acht Teanga a bheas ann, is cuma cén deontas a bheas ann, is cuma ollscoil lán-Ghaeilge bheith ann ná as, mura mbeidh éinne ann le leas a bhaint astu."
BHÍ cuid den dóchas a bhí le mothú ag an Tóstal deireanach in Aonach Urmhumhain tá trí bliana ó shin caillte, a dúirt Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Caitríona Ní Cheallaigh i nGaillimh.
Ach ba "le dúshlán a thugann muid, ní amháin faoi obair Thóstal na Gaeilge atá díreach amach romhainn ach chomh maith leis sin faoin obair mhór a bheidh le déanamh le háit na Gaeilge a chinntiú ar chlár oibre an chéad rialtais eile."
Ba ghá gníomhú ar chúrsaí teanga trí "dhul i bhfeidhm ar urlabhraithe na bpáirtithe ach chomh maith leis sin trí dhul i bhfeidhm ar gach Teachta Dála nó ar gach duine gur mhaith leo bheith ina Theachta Dála. Is ceist náisiúnta í an Ghaeilge ... ach is ceist áitiúil í freisin agus dá bhrí sin tá ról le himirt ag gach aon duine againn."
CEANN de na príomhaidhmeanna a bhí ag an Tóstal moltaí a chur le chéile agus iad a bhronnadh ar gach páirtí polaitiúil mar chlár oibre. I measc na bpríomh-mholtaí, bhí:
Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta leordhóthanach le go mbeadh sí in ann struchtúr cuimsitheach tacaíochta a chur ar fáil do na scoileanna maraon le téacsleabhair agus áiseanna foghlamtha ionas go mbeadh múinteoirí in ann díriú ar a bhfuil siad ceaptha a dhéanamh.
LÉIFIDH Ré Ó Laighléis sleachta as a chuid leabhar sa Cheathrú Póilí, siopa leabhar na Cultúrlainne, Béal Feirste, oíche Mháirt ag 7.30 p.m.
Beidh faill ag an lucht éisteachta ceisteanna a chur air ina dhiaidh sin.