Beocheist: Nuair a seoladh Fahrenheit 9/11 i Meiriceá ag deireadh na míosa seo caite bhí an oiread sin tóra air gur radadh go dtí uimhir a haon sa Box Office é, an chéad scannán faisnéise a dhein an ghaisce sin.
Pé acu gur áin leat saothair Michael Moore nó nach áin, pé acu a cheapann tú go bhfuilid lán de mhíchruinneas nó an fhírinne cheilte, is cinnte go bhfuil tóir thar na bearta orthu, téann siad i bhfeidhm ar dhaoine agus tá níos mó aighnis curtha sa siúl ag Fahrenheit 9/11 ná aon scannán eile lem chuimhne, The Passion of the Christ san áireamh.
Mar gur saothar polaitíochta amach is amach é seo braithfidh do bhreith ar do sheasamh polaitíochta agus do dhearcadh ar an gcogadh san Iaráic.
Más Poblachtánach tú a thacaíonn leis an "athrú réimis" maífidh tú nach bhfuil anseo ach saothar aigneasach fé mar atá baiste air go coitianta, atá ag déanamh bolscaireacht mhímhacánta ar son na nDaonlathach. "A well-documented liar who doesn't let the facts get in the way of a good story," is ea cur síos a thaitníonn leo san ar eite dheis Mheiriceá.
Ar an taobh eile den scéal, maíonn na Daonlathaigh agus iad siúd atá ag feachtasaíocht go tréan in aghaidh an chogaidh agus in aghaidh Bush go léiríonn fíricí an tsaothair nach bhfuil George Dubya in ann ag an bpost mar uachtarán agus go bhfuil go leor, leor uisce fé thalamh maidir lena pholasaithe.
Ní iriseoir/léiritheoir é Moore a bhailíonn nó a nochtaíonn an oiread sin eolais nua ina shaothar.
An bua atá aige ná go gcuireann sé eolas atá amuigh ansin cheana fein ós ár gcomhair ar shlí ana-shlachtmhar cumasach agus greannmhar agus, ar shlí, a chabhraíonn go mór leis an argóint atá sé ag déanamh.
Is cinnte go mbaineann Moore casadh as ábhar agus fíricí nuair is mian leis é agus go mbíonn a chuid argóintí míréasúnta agus an-fhada amach ón gcairt ar uairibh. Cuimhním ach go háirithe ar shliocht sa leabhar Stupid White Men faoin gcoimhlint i dTuaisceart na hÉireann a raibh an tsimplíocht maraon le heaspa eolais agus tuisceana mar mháithreacha ann.
I Fahrenheit tá mórán bús faoina chuid líomhaintí gur sciobadh gaolta bin Laden amach as Meiriceá go gearr i ndiaidh ionsaithe 9/11 gan fiú ceist amháin ón FBI a fhreagairt agus nuair a bhí bac eitilte i bhfeidhm ar fud na tíre.
Ó shin tá sé maíte agus cruthaithe gur chuir an FBI faoi agallamh iad agus gur eitil siad amach tar éis gur cuireadh an bac eitilte ar ceal.
An cur chuige a bhíonn ag Moore ná neamhréiteach eolais a chur os ár gcomhair agus é ag súil go dtiocfaimid ar a thuiscint féin nó ceann níos antoiscí. Caitear súil soiniciúil ar ghaol mhuintir Bush le muintir bin Laden, na cúiseanna a bhí leis an dá chogadh sa Mheán-Oirthear agus an chúis a bhí leis an Patriot Act. B'fhéidir go bhfuil a chuid freagraí áiféiseach áibhéileach ach, dar liom, go n-aontódh cách nár mhór na ceisteana a chur agus na freagraí cruinne d'fháil.
Deireann Moore go hoscailte go dteastaíonn uaidh féin "athrú réimis" a chur i bhfeidhm - ach is ceann sa Teach Bán atá i gceist ag an bhfear ó Flint, Michigan. Tuigeann sé chomh go maith nach n-athróidh a shaothar intinn éinne.
Tá Moore ag súil go n-éireoidh leis na votóirí fuarchúiseacha a ghríosú chun vótála tríd an ghoimh dhearg a chur orthu i leith Bush, a chomhghleacaithe agus a gcuid gníomhartha.
Tuigeann na Daonlathaigh é seo agus d'úsáideadar an scannán, fé mar a d'úsáid na Críostaithe ar an eite dheis The Passion of the Christ, mar uirlis earcaíochta.
Léirigh pobalbhreitheanna a deineadh ar son ABC News agus an Washington Post le déanaí go gceapann 52 faoin gcéad de phobal Mheiriceá nárbh fhiú cogadh na hIaráice a chur sa siúl; ceapann 70 faoin gcéad nach féidir glacadh leis an líon Meiriceánach atá ag fáil bháis agus go bhfuil titim 29 pointe tagtha ar an tacaíocht do bhainistiú Bush ar an gcogaíocht.
Má leanann an chíor thuathail san Iaráic beidh sí ina príomhchnámh spairne sa toghchán uachtaránachta ag deireadh na bliana.
Ag an bpointe seo, tá John Kerry glic go leor chun fanacht amach ón díospóireacht agus ligean do Moore a chuid sleánna a chaitheamh i dtreo an Tí Bháin.
Tá an chuma ar an scéal go mb'fhéidir nach é an Palme d'Or an ghaisce is mó a dhéanfaidh Moore agus a shaothar.