Ba é John Hewitt, file, a scríobh na línte a leanas ina dhán, Ireland. Ní doiligh don té ar spéis leis cultúr na tíre macallaí na línte a aimsiú ina shaol laethúil féin.Rith siad liom agus mé ag amharc ar eagrán tráthúil eile den tsraith, Léargas, "Go mBeirimid Beo", a craoladh ar RTÉ agus TG4 an tseachtain seo caite:
We are not native here or anywhere.
We were the Keltic wave that broke over Europe,
and ran up this bleak beach among these stones:
but when the tide ebbed, were left stranded here
in crevices, and ledge-protected pools
that have grown saltier with the drying up
of the great common flow that kept us sweet
with fresh cold draughts from deep down in the ocean.
D'aithneofá láithreach an bhuairt nó Angst a léiríonn dán Hewitt sa chlár. Bhí daoine faoi agallamh agus iad imníoch faoina ról sa saol agus faoina dtodhchaí. Tuigeadh go raibh oidhreacht ar leith polaitiúil agus cultúrtha againn ach cén mhaith í?
Rinne an clár cíoradh ar an imní a bhí ar dhaoine ó rinneadh ionsaí ar an Dá Thúr i Nua-Eabhrac, 11ú Meán Fómhair. Ní seasmhach atá an domhan níos mó. Tarlaíonn rudaí gan choinne; ní mar a shíltear a bítear.
Is ag iarraidh freagra a thabhairt ar cheist a bhí na daoine a bhí faoi agallamh. Cuirtear an cheist: "Cé leis thú?" sa Ghaeltacht. "Cé leis muid?" an cheist a bhí ag mórán daoine le linn an chláir. Cén ról a bhí againn mar phobal agus mar Stát ar an stáitse dhomhanda?
D'éirigh leis an chlár mórán snáithe a thabhairt le chéile: ceisteanna a thógáil faoi imiricigh agus a ról sa tsochaí; bagairt Sellafield ar phobal na hÉireann; ceist an neodrachais.
Labhair duine amháin faoin chontúirt mhór a bhain le Sellafield do gach duine ar an oileán. Nuair a phléasc Chernobyl, a dúirt sé, d'fhulaing an tír ba dheise di, an Bhealarúis, lán chomh maith leis an Úcráin féin. Níl éalú againn ar an áit seo agus ba cheart go mbeadh a fhios sin againn faoi seo.
Ba go maith a labhair gach cainteoir. Rinneadh plé spéisiúil ar ábhar tromchúiseach ar bhealach a tharraing an féachnóir chun tinteáin isteach. Níorbh iad seo lucht na mórfhocal ach lucht an fhocail chuí chiúin.
Rinneadh trácht ar imircigh agus ar theifigh.
Chuir an láithreoir, Fachtna Ó Drisceoil, i gcuimhne dúinn go raibh teifigh ag cur a mbeatha i mbaol le teacht chun na hÉireann. Shantaigh siad an tsábháilteacht a bhain leis an tsochaí.
In ainneoin ár gcuid deacrachtaí féin, ní léir dúinn suáilcí an Stáit agus a dtarraingt ar dhaoine eile.
Tá an saol athraithe as riocht ó 11ú Meán Fómhair, a mhothaigh cuid de na cainteoirí. Agus má bhí rian den histéire le mothú i gcuid den chaint, bhí meáchan trom céille i níos mó di.
Níor chóir dúinn ligean don pharanóia an lámh in uachtar a fháil orainn. Ná déan dearmad gur throid trupaí na Síne agus Stáit Aontaithe Mheiriceá cogadh sa Chóiré (faoi bhrat na Náisiún Aontaithe) i lár an chéid seo caite; go raibh géarchéim dhiúracáin Chúba ann; go seasadh trupaí NATO agus Aontas na Sóivéide béal le béal ar Mhór-roinn na hEorpa; agus tá cneácha an Mheán-Oirthir ris ar fad.
Bhí muid i gcontúirt i gcónaí. Ach tháinig an domhan tríd na heachtraí seo ar fad - más ar éigean é ar ócáidí. Ní bagairt nua atá ann sa sceimhlitheoireacht dhomhanda ach bagairt eile.
Le linn an chláir, ba léir go raibh amhras ar roinnt cainteoirí. Ní heol dúinn ár n-áit i measc náisiúin an domhain mar ní heol dúinn ár n-áit i measc náisiúin na hEorpa.
Cad chuige? An leor againn an íomhá dínn féin mar phobal geal Críostaí Béarla? An amhlaidh nach spéis linn páirt a ghlacadh i gcúrsaí na hEorpa mura bhfuil síneadh láimhe i gceist?
TÁ an t-ádh orainn go bhfuil scríbhneoirí ann a dhéanann machnamh ar na ceisteanna seo. Níl muid gan treoir - ach í a lorg. Ag scríobh dó ina aiste, "Áras na hEorpa", deir Breandán Ó Doibhlin:
"Tá ceacht eile le foghlaim againn, agus go háirithe ag Béarlóirí na hÉireann, as a dháiríreacht agus a thógtar mionchultúr agus cultúir réigiúnacha na hEorpa. Má tá ár nglór le clos i gcaisceadal na hEorpa, tá gá práinneach le hidirmhíniú i dtéarmaí an lae inniu ar chultúr na Gaeilge, agus ar an rannpháirtíocht Cheilteach i gcoitinne i stair na hEorpa. Agus ní éireoidh linn sin a dhéanamh a fhad is a dhúnaimid sinn féin isteach i gcompal dhomhan an Bhéarla ...
"Ní leor feasta an radharc siar, an cumha i ndiaidh na sinsear, an dearcadh sin a raibh an Fíor-Ghael ina leagan áibhéileach de. Ní mór glacadh le coincheap forásach den chultúr agus den traidisiún in Éirinn chomh maith leis an Eoraip.
"Ní mór an cheist a chur orainn féin an ina neach beo a bhfuil fuil ina chuislí agus caithis ina cló atá sainchultúr na tíre á sheachadadh don ghlúin óg.
"Is í an chuid is tábhachtaí den phróiseas sin muinín agus meas bheith ag glúin óg ar an dream ar díobh iad, ar an dúchas ar de iad. An mbímid féin, an mbíonn ár sochaí féin trína cuid institiúidí, a meáin chumarsáide, a córas oideachais, ag cothú na muiníne nó á lagú le hábhacht agus le beag-is-fiú."
Tá na gléasanna agus na bealaí ann chun tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar an phobal. Rómhinic, glactar leis gur i gcoincréit atá an chinniúint curtha; go bhfuil ár ndán scríofa i ngan fhios agus ar neamhchead dúinn. Ní hamhlaidh é. Scríobhann Mark Patrick Hederman ina leabhar, The Haunted Inkwell (The Columba Press): "The future is in our hands. It is a precious gift that we can squander, abuse, exploit or distort at will. Obviously, there are forces working, influences abounding, pressures surrounding, that diminish our autonomy and lessen our responsibility.
"However, it is still possible for those of us who live on this island of Ireland in the first years of the 21st century to shape our future within the limitations and constrictions which global membership imposes."
I mbeagán focal, má ghníomhaíonn muid go héifeachtach, béarfaimid beo.