Daidi na Nollag agus luaith do lucht na Gaeilge

Tharraing Daidí na Nollag an doras chuige féin agus shiúil isteach i seorma an phoist faoi chroí mór trom

Tharraing Daidí na Nollag an doras chuige féin agus shiúil isteach i seorma an phoist faoi chroí mór trom. Bhí na málaí uilig roimhe - iad líon lán le litreacha ó pháistí na cruinne.

Bhí cuid de na málaí ó Mheiriceá Thuaidh ag cur thar maoil. "Poncánaigh shantacha," a dúirt sé leis féin.

Bhí sé ag smaoineamh gan cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe i mbliana mar agóid in éadan pholasaithe nua George W. Ach bhí a fhios aige dá ndéanfadh sé sin go ndéanfadh sé loit ar institiúid Dhaidí na Nollag. Níor dá ghnóithe é plé le polaitíocht.

Bhí cúis amháin eile aige gan baghcat a dhéanamh ar na Stáit - eagla go gcuirfeadh George W drong mór Marines amach go dtí an Pol Thuaidh chun é a cheapadh.

READ SOME MORE

Chuimil sé a fhéasóg agus chuimhnigh gur beag bá a bhí ag George W le fir fhéasógacha faoi láthair. An raibh contúirt ar bith ann go gcreidfeadh daoine gur turban a bhí ina hata bán agus dearg? B'fhéidir go raibh an t-am aige athrú íomhá a fháil - le fios nó le hamhras - goatee agus baseball hat agus é ag taisteal sna Stáit.

Mar sin féin, mar agóid bheag phríodáideach, rinne sé neamhiontas sealadach d'achainí pháistí na Stát Aontaithe. D'aithin sé go mb'fhéidir go raibh sé éagothrom a leithéid a dhéanamh ach ba chuma leis.

Bhí rudaí eile faoi Mheiriceá nár réitigh leis. D'ardaigh sé a cheann i dtreo an bhalla agus chonaic an cárta poist a chuir Mamaí na Nollag chuige: "Aloha ó Haváí".

Sin í, a bhean dhílis féin, a thréig é - "Tá mo sháith agam den fhuacht, den sneachta, agus den chac réinfhia" - agus a chuaigh a chónaí ar thrá ghrianmhar san Aigeán Ciúin.

Sin í, a bhean dhílis féin, agus a 'páirtnéir' nua, Brad, bómán de shurfóir, ina sheasamh in aice léi.

Sin í, a bhean dhílis féin, agus gan de cheirteacha uirthi ach bikini bheag dhearg. Bhreathnaigh sé an cárta arís: "Dar réinfhia, tá cuair ar dóigh aici. D'fhéadfadh sí jab a fháil ag léamh na haimsire ar TG4."

Mar sin féin, thuig Daidí na Nollag di. Ba bhocht an jab é gan amhras. Ó, cinnte, bhí glitz aon oíche ann agus é ag taisteal na cruinne ag bronnadh féiríní ar pháistí. Cinnte, b'fhiú sin i gcónaí. Ach bhí an ceart aici - fuacht, sneachta agus cac réinfhia don chuid eile den bhliain. Jab. Cosúil le gach jab eile ar domhan.

Agus ós ag caint ar réinfhia a bhí sé, is beag nár bhris a ghol air. A leithéid de dhrocham a bhí aige le cúpla bliain. B'éigean dó fáil réidh de Donner agus Blitzen de bharr an ghalair crúb agus béil.

Ach dá ghoilliúnaí an méid sin féin, ba ghoilliúnaí faoi chéad, ní hé faoi mhíle, ní hé faoi chéad míle, an buille a buaileadh air nuair a fuair sé amach gur substaintí mídhleathacha ba chúis le rua-ghaosán Rudolf.

Chuimhnigh sé siar ar an oíche a tháinig sé ar Rudolf agus é ar a dhícheall ag snortáil cócaon. Ó, a leithéid de radharc. Cócaon. Bhí sé náireach. Náireach. Bhí an t-ádh ar Rudolf gur tháinig Santaí air nuair a tháinig. Cá bhfios cad é an chríoch a bheadh ar a ghnás cáidheach dá leanfadh sé de?

D'aimsigh sé áit ar scéim chóir leighis dó agus thug cuairt air uair amháin sa mhí. Ach níorbh ionann an Rudolf a bhí faoi chomhairle na ndochtúirí agus an Rudolf a thugadh treoir don charr sleamhain tríd oícheanta dorcha na Nollag.

Bhí an splanc imithe dá shúile agus, níos truamhéalaí fós, bhí a rua-ghaosán clúiteach tiontaithe ina chnaipe bheag dhubh, chomh dubh le gual. Tragóid gan amhras, a smaoinigh Daidí na Nollag, ach chaithfeadh sé leanstan den obair, réinfhianna eile a oiliúint, na féiríní a sheoladh chun bealaigh, dóchas a thabhairt do dhaoine.

AGUS ba ag an phointe sin a leag Daidí na Nollag a shúil ar an mhála poist ba lú dá raibh sa seomra, mála beag bídeach scáinte scifleogach agus "Na Gaeil" scríofa air. "Á, na Gaeil," a dúirt Daidí na Nollag. Chuir na focail féin lionn dubh air. "Na Gaeil."

Shuigh sé síos agus thosaigh sé a mhéaraíocht leis an chomhfhreagras. Thóg sé cárta amháin, Beannachtaí ó Bhéal Feirste, d'oscail é agus d'éist le scaoll mar a phléasc an cárta chun ceoil:

Armoured cars and tanks and guns

Came to take away our songs

But we will stand behind the men

The men behind the Gaelic.

Dhruid Daidí na Nollag an cárta faoi dheifir. "Dar piongainí, sin amhrán bríomhar. Léifidh mé an ceann sin níos moille."

Tharraing sé cártaí eile chuige féin, léigh, lig osna, léigh, lig osna, léigh arís, lig osna arís. "A Dhaidí na Nollag, déan Gaeltacht d'Éirinn athuair." "A Shantaí, bhí mé iontach múinte i mbliana. Ba mhaith liom Acht Teanga, le do thoil. Go raibh maith agat." "Ba mhaith liom níos mó airgid do mo stáisiún teilifíse." "Ba mhaith liom stáisiún teilifíse do mo chuid féin." "Ba mhaith liom ollscoil lánGhaeilge." "Ba mhaith liom jab le Foras na Gaeilge i mBéal Feirste." "Ba mhaith liom ceadúnas raidió."

Sa deireadh, stad sé de bheith ag léamh. Na Gaeil. An oiread sin éilimh ar bhronntanais; a laghad sin daoine chun iad a úsáid. Mar sin féin, chorraigh spiorad na Nollag ina chroí istigh. An Nollaig. Tráth le míorúiltí a dhéanamh; deis le bronntanais a thabhairt. Cinnte, d'fhéadfadh sé cúpla rud a dhéanamh do na Gaeil bhochta.

Scrúdaigh sé na hachainí agus rinne scrúdú ar liosta na ndaoine a bhí dalba le linn na bliana. Anois, cé a gheobhadh mian a chroí agus cé a gheobhadh luaith?