Beocheist
Ar an Satharn, 30ú Márta 1957, léadh
Aifreann sochraide i Séipéal Naomh Stiabhna i mBaile
Átha Cliath. Ghlac Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, George
Otto Simms, páirt san Aifreann agus ar na boic mhóra eile
a bhí i láthair ag an tseirbhís bhí Alfie
Byrne, a bhí ina ardmhéara ar an bpríomhchathair ag
an am, agus an t-aire rialtais Erskine Childers.
Bhí an t-ádh dearg ar Childers gur Phrotastúnach é mar bhí cosc ar Chaitlicigh na príomhchathrach sa ré sin dul thar thairseach eaglaisí anglacánacha.
Is dá bhíthin sin a d'fhan Éamon de Valera agus na baill eile dá rialtas nuathofa nár Phrotastúnaigh iad ar thaobh amháin den bhóthar lasmuigh de Shéipéal Naomh Stiabhna. Ar an taobh eile den bhóthar bhí lucht an fhreasúra, John A. Costello, William Norton agus iar-airí eile den chomhrialtas a bhí díreach curtha as oifig.
Agus an chónra á hiompar as an séipéal bhain na polaiteoirí go léir na hataí díbh is chrom siad a gcinn. Agus Childers tagtha amach rinne sé ar an taobh sráide ar a raibh a chomhghleacaithe ó Fhianna Fáil bailithe le chéile. Protastúnach amháin nár bhain Séipéal Naomh Stiabhna amach an lá sin ná Samuel Beckett. Theastaigh uaidh an turas a dhéanamh ó Londain ach bhí an-iomarca le déanamh aige agus cleachtaí a dhráma Endgame ar siúl.
Ar ndóigh, ba é a bhí á chaoineadh an lá sin leathchéad bliain ó shin ná an t-ealaíontóir Jack Yeats, deartháir leis an bhfile WB Yeats. Is mar phéintéir is fearr aithne ar an Yeats seo ach le linn a shaoil chuir sé idir úrscéalta is dhrámaí de chomh maith.
Ba i Londain a saolaíodh Yeats ach ba in Éirinn a thug sé an chuid ba mhó dá shaol, díreach mar atá an scéal i gcás Bruce Arnold, beathaisnéisí an phéintéara. Sa leabhar Jack Yeats a chuir Yale Press amach beagnach deich mbliana ó shin tugann Arnold cuntas máistriúil ar shaol is ar shaothar Yeats i stíl soléite. Níorbh aon diomailt airgid é €50 a thabhairt ar an leagan den leabhar le clúdach crua atá fós le fáil sna siopaí.
Níor mhiste, áfach, cóip a chur amach ar a bhfuil clúdach bog agus an praghas laghdaithe dá réir sin. Caithfidh nach iarraidh rómhór é sin, go háirithe agus an méid sin ama imithe ó foilsíodh an leabhar den chéad uair?
Nó an amhlaidh go bhfeictear do na foilsitheoirí gur toicí gach duine ar spéis leis cúrsaí ealaíne? Is fíor go mbeadh ort airgead ina charcracha bheith agat chun saothar de chuid Yeats a cheannach anois ach ní fhágann sin gur ceart praghas ard bheith ar shaothar beathaisnéiseach mar gheall ar an bhfear féin.
Ach seachas costas an leabhair is beag locht eile a gheofar air agus ba chóir a rá nach iadsan amháin a bhfuil suim acu sa phéintéireacht a bhainfeadh taitneamh as.
Cuirfidh an bheathaisnéis seo pléisiúr ar éinne a chuireann suim i saol cultúrtha na hÉireann sa 20ú haois. Mar a thugann Arnold faoi deara ag tús an tsaothair, tá dulta i gcion ar fhilíocht is ar phéintéireacht na hÉireann ag muintir Yeats níos láidre ná ag aon chlann mhac eile i stair na tíre.
Tugtar cuntas ar an turas a rinne Yeats is Synge timpeall Chonamara is Mhaigh Eo i 1905 agus iad coimisiúnaithe ag an Manchester Guardian chun cur síos a dhéanamh ar na limistéir ba mhó cruatan in iarthar na hÉireann. Ar ndóigh, rinne Synge an téacs a scríobh is ba é tarraingt pictiúr an cúram a bhí le cur de ag Yeats.
Léirítear an ról lárnach a bhí ag an gCiarraíoch Thomas MacGreevy i saol Yeats: ba eisean a chuir Beckett in aithne don phéintéir, cruinniú ar eascair cairdeas saoil as, agus rinne MacGreevy an chreidiúint atá ag dul do Yeats a sheasamh ar feadh na mblianta.
Ach seachas trácht ar theagmháil Yeats leis na daoine seo, agus piardaí móra nach iad, luaitear gach píosa mioneolais faoi shaol príobháideach Yeats a lorgódh an speisialtóir ba shaoithíní amuigh. Ní raibh iontaoibh iomlán ag Yeats as a athair, bhí dathanna éagsúla ar shúile a mháthar, phós sé bean a raibh ceithre bliana aici air, bhí sé grinn géar-roscach agus b'aoibhinn leis bheith ag siúl.
Agus sráideanna Bhaile Átha Cliath siúlta aige chomh minic sin bhí saineolas aige ar fhoirgnimh na príomhchathrach. Thoirbhir Jack Yeats a bheatha do chúis na hÉireann.
Trí mheán a phéintéireachta mhínigh sé cad is Éireannachas ann mar a chonacthas dó é. Is cuí cuimhneamh air go háirithe anois agus leathchéad bliain ann ó chuaigh sé ar an mórshlua.