Beidh an chéad chruinniú de Choiste Comhairleach na Gaeilge ann "i gceann roinnt seachtainí", a dúirt urlabhraí Rialtais inné. Bhunaigh an tAire Éamon Ó Cuív an coiste le comhairle a chur ar an Rialtas faoi pholasaithe teanga.
Tá 23 duine ó eagrais éagsúla mar aon le hionadaithe ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le bheith ar an choiste. Is iad na heagrais atá i gceist: an Roinn Oideachais; an tÚdarás um Ard-Oideachas; Aontas Mac Léinn na hÉireann; RTÉ; Údarás na Gaeltachta; TG4; Foras na Gaeilge; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; LÁ; Foinse; An Chomhairle um Ghaelscoileanna agus Gaelscolaíochta; Cumann Lúthchleas Gael; Comhaltas Ceoltóirí Éireann; Glór na nGael agus Comhluadar.
Tá préamhacha an tsocraithe le fáil i gcaint a thug an Dochtúir Peadar Ó Flatharta, Fiontar, ag Tóstal na Gaeilge i bhFeabhra na bliana seo. Mhol sé tascfhórsa a bhunú. Fágadh faoi cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte, a rá nárbh ionann coiste comhairleach agus tascfhórsa.
Bíodh sin mar atá, seo an leagan Rialtais de agus cúram orthu:
- inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain a réiteach don Ghaeilge sa Stát le spriocanna réalaíocha;
- tosaíochtaí straitéise gearrthéarmacha do chaomhnú agus do chur chun cinn na Gaeilge laistigh den Stát;
- tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla;
- na bealaí is fearr agus is praiticiúla le cur i bhfeidhm na hoibre sin.
Is suntasach go bhfuil tús áite tugtha do chur chun na teanga taobh istigh den Stát. Nach amhlaidh go bhfuil cúram ar Fhoras na Gaeilge an teanga a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann?
Cé gur dócha go séanfaidh Éamon Ó Cuív é, is léiriú an-phoiblí é nach gcreideann sé go mbeidh toradh fiúntach ar obair an Fhorais.
Is léir go gcreideann sé go bhfuil gá le heagras ar leith le polasaithe a dhréachtú don Stát - agus don Stát amháin - agus nach féidir leis an Fhoras an cúram sin a chomhlíonadh.
Níl eagrais taobh amuigh den Stát ina mbaill den choiste. Cinnte, tá obair ar siúl ag cuid acu ar bhonn uile-Éireann ach níl eagrais a bhaineann go sonrach le Tuaisceart Éireann - Pobal agus an tIontaobhas ULTACH - le háireamh.
Cogain seo - tá an t-eagras atá in ainm is a bheith ag stiúradh fhorbairt na Gaeilge ar bhonn oileánda ina mionpháirtnéir ar choiste atá in ainm is a bheith ag stiúradh fhorbairt na Gaeilge ar bhonn an Stáit.
Fuascailt Éireannach ar fhadhb Éireannach?
Is doiligh a dhéanamh amach cad é an ról a bheadh ag cuid de na heagrais eile. Tóg, mar shampla, RTÉ. Níl le déanamh ag RTÉ ach cláir Ghaeilge a chraoladh go rialta agus, abracadabrá, tá a ndualgas comhlíonta.
Sa chás sin, nár chiallmhaire go gcáinfeadh an coiste iad as a bhfaillí agus comhairle a chur ar an Aire dá réir? Agus cé chomh héifeachtach agus a bheidh coiste 23 duine mar aon le hionadaithe Rialtais?
I measc nithe saoithiúla eile, beidh ionadaí an nuachtáin ag LÁ agus Foinse. Ní thuigeann an colún seo cén fáth. Má tá iriseoir ag iarraidh a chuid tuairimí agus "comhairle" a chur ar Aire, nach féidir leis an Aire léamh faoi ar an nuachtán féin?
Cuireann sé bunú Fhoras na Gaeilge i gcuimhne don cholún seo. Cuireadh cuireadh ar roinnt iriseoirí - an scríbhneoir seo ina measc - a dtuairimí a nochtadh faoin eagras nua trasteorann.
Dhiúltaigh an colúnaí seo ar an ábhar nár dá ghnó a chuid tuairimí agus smaointe a roinnt le lucht Rialtais nó le feidhmeannaigh go príobháideach. Ba é a ghnó iad a roinnt go poiblí lena chuid léitheoirí.
Anois tá an dá nuachtán a dhéanann freastal ar phobal na Gaeilge ag obair leis an Rialtas ar mholtaí, ar straitéisí agus ar thosaíochtaí.
Cad é an mhuinín a chuirfidh léitheoirí i dtuairiscí ar obair an choiste chomhairligh agus fios acu gur ionadaithe de chuid an choiste chéanna iad na nuachtáin?
Má mholann ceachtar den dá nuachtán straitéis ar leith nó má cháineann siad straitéis ar leith, nach baol nach dtabharfaidh siad a gcuid léitheoirí leo ó tharla lámh bheith acu san obair?
Is minic ráite é gur domhan beag é saol na Gaeilge agus is fíor sin faoi chéad ó thaobh na hiriseoireachta de. Is é an dúshlán is mó a bhíonn roimh iriseoir ar bith meon neamhspleách a chosaint agus scríobh dá réir.
Ní i gcónaí a bhíonn lucht cúise, eagrais nó Rialtais buíoch as a leithéid. Ach bíodh acu.
Ní hé meon an tslánaitheora bhréige is cúis leis an neamhspleáchas sin ach dea-chleachtas iriseoireachta. Ní hionann scríobh i nGaeilge nó faoi chúrsaí Gaeilge agus a rá gur den ghluaiseacht thú.
Níl iriseoir beo nach gcuireann fáilte roimh nuacht nó scéala taobh istigh; chuige sin an guthán agus an dóchas go bhfreagróidh na daoine eolacha do scairt agus d'achainí.
Beidh de thoradh ar an pháirtnéireacht nach mbeidh ar an Rialtas preasráitis a eisiúint faoi na polasaithe nua. Beidh na nuachtáin ar an toirt leis an tuairisciú a dhéanamh. (Agus nach mór an náire sibhse a chreid go raibh an Rialtas seo doicheallach roimh scaipeadh eolais!)
Tá míbhuntáiste eile ag baint le cinneadh an Rialtais: ní hionann leas na n-eagras agus leas na meán. Bíonn discréid de dhíth ar choistí - rud nach ionann agus a rá nach ndéanann iriseoirí a ndícheall an discréid sin a pholladh agus scéal a lorg.
Dá mbeifeása i do chomhalta, an labhrófá go hoscailte agus fios agat go raibh iriseoirí sa seomra ag taifeadadh an uile fhocal? Faraor, níl an colúnaí seo ar an choiste. An ndéanfaidh an tAire Ó Cuív gar - agus na cruinnithe a chraoladh ar RnaG le léitheoirí an Irish Times a choinneáil ar an eolas?