Coinnle agus prog na Nollag

Beocheist: Mí na Nollag. Ó Lá Mhuire gan Smál go dtí Lá Chinn an Dá Lá Dhéag

Beocheist: Mí na Nollag. Ó Lá Mhuire gan Smál go dtí Lá Chinn an Dá Lá Dhéag. Coinnle, mileoideon, prog, trí nithe a bhaineas le comóradh na féile...

I leabhar Bhreandáin Uí Eithir An Nollaig Thiar is ea léigh mé an focal "prog".

Sin é, a deir sé, "a thugtaí in Inis Mór ar na hearraí go léir a cheannaíodh daoine chun an fhéile a cheiliúradh: an t-ábhar a théadh sna cácaí, milseoga den uile chineál, na coinnle idir gheal agus dearg agus mar sin de."

Shíl sé gur focal Gaeilge "prog" go dtí go bhfaca sé é i leabhar Béarla, Manco the Peruvian Chief. Tá "John Clare's Prog" mar ainm ar aiste ag Séamus Heaney ina labhrann sé ar leaganacha cainte a chuala sé agus é ag fás aníos, leithéidí "wrought" a d'fhág sé i leataobh agus nach dtiocfadh go nádúrtha chuige níos mó.

READ SOME MORE

Is cosúil go raibh "prog" ag mo dhaideo agus gur chuala a chlann mhac: "It's time now to get the prog" ach d'fhágadar i leataobh é agus níor thugadar leo é mar chuid dá bhfoclóir gníomhach féin.

Turas timpeall an chúinne a bhíodh i gceist le leiceann muice a cheannach - chuirfí gé chucu ón tuath - agus ina theannta sin pórtar agus, do chuairteoirí mamó, buidéal seiris.

Is álainn agus is aoibhinn na fuaimeanna agus na híomhánna in A Christmas Childhood le Patrick Kavanagh. "My father played the melodeon/Outside at our gate;/There were stars in the morning east/And they danced to his music."

Trí shúile an "child poet", mar a thugann sé air féin, feicimid iontaisí na Nollag:

"Outside in the cow-house my mother/Made the music of milking;/The light of her stable-lamp was a star/And the frost of Bethlehem made it twinkle."

Agus nach dtabharfadh "I looked and three whin bushes rode across/The horizon - the Three Wise Kings" amach faoin tír tú ag breathnú sa chlapsholas ar chruthanna na gcrann.

Dán eile a bhfuil mileoidean ann is ea Oíche Nollag le hEoghan Ó Tuairisc. Tá sé ar aon fhad le dán Kavanagh ach in áit an tseaca tá: "Méara binbeacha na fearthainne ar an díon/Ag seinm tiúin."

Scéal eile ar fad atá anseo, fear fásta ar mire: "Tá mo sheanbhosca stróicthe ag clann m'iníne" ach sna línte tosaigh tá liric den tsórt a bheadh feiliúnach do chárta Nollag:

"Dá mbeadh mileoideon agamsa/Ní bheadh Críost gan cheol anocht/Is é ag teacht ó áras bán a fhlaitheasa/Chuig an mainséar bocht,/Do sheinnfinn ceol dó chuirfeadh gliondar ar a chroí/Ceol nár chualthas riamh ag píobaire sí/Ceol chuirfeadh na réaltaí ag rinnce i spéartha na hoíche."

Macalla ansin b'fhéidir de réalta Kavanagh ach, dar ndóigh, is íomhá choitianta iad na réalta.

Agus na coinnle. Coinnle ar Lasadh le Máirtín Ó Direáin (1939): "In oileán beag i gcéin san Iarthar/Beidh coinnle ar lasadh anocht..." Dhá véarsa cheithre líne, "anocht" ag deireadh gach péire.

Foilsíodh Oíche Nollag le Máire Mhac an tSaoi in Comhar, Nollaig 1942: "Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,/Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc..."

Trí véarsa cheithre líne agus an luinneog "Luífidh Mac De ins an tigh seo anocht" ag déanamh rím le focal difriúil i ngach véarsa, "gcnoc", "hucht" agus "deoch".

Má bhí sí ag tabhairt dúshlán an Direánaigh níor chlis air freagra fileata a thabhairt uirthi, nó sin léamh ar a dhán breá Cuireadh do Mhuire: "An eol duit, a Mhuire/Cá rachair i mbliana/Ag iarraidh foscaidh/Do do Leanbh Naofa..."

Leagtha amach in dhá véarsa ocht líne ghearra tá sé ar cófhad le Coinnle ar Lasadh, tá an t-oileán ann freisin "oileán mara" ann in áit "oileán beag" ach ó thaobh téama agus foclóra de ní féidir gan ceangal a dhéanamh idir é agus dán Mháire Mhac an tSaoi.

Cuir "Ag iarraidh foscaidh/do Do Leanbh Naofa" le "Luífidh Mac Dé sa tigh seo anocht", "Deonaigh glacadh/le cuireadh uaimse" le "Deonaigh do shuaimhneas a ligint" agus "tine mhóna/Ar theallach adhainte" le "Adaigh an tine"

Cé go mb'ábhar spéise a leithéid de "chomhrá" idir dhá mhórfhile is é atá le rá ag an Direánach in Ón Ulán Ramhar Siar faoi chumadh a dháin ná seo "níl amhras ar bith ag breathnú siar anois nárbh álainn an radharc é do ghasúr óg [Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag] ... bhí an t-oileán ar fad ina laom lasair agus b'iontach go deo an radharc é, agus sin a thug in mo cheann an dán seo a scríobh."