Tá eagarfhocal an iris Idirlín Beo! (www.beo.ie) spreagúil ina chuid tuairimí an mhí seo.
Faoin teideal "Bíodh muid dearfach agus cruthaitheach", scríobhtar go bhfuil an t-am ag daoine éirí as bheith ag gearán faoi chúrsaí Gaeltachta agus rud éigin deimhneach a dhéanamh le feabhas a chur ar chúrsaí:
"Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as bheith cáinteach an t-am go léir.
"Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta. Níl aon dochar i gcáineadh nó i gcíoradh dá leithéid ach anois is fiú díriú ar an todhchaí go réadúil agus straitéisí dearfacha cruthaitheacha a mholadh."
(Tá an t-eagarfhocal róchúthail leis na "daoine áirithe" nó foinse an cháinte a ainmniú. An mbeadh sé míchruinn a rá gur freagra a bhí sa phíosa ar alt Dhonncha Uí Éallaithe ar thuarascáil an Choimisiúin, alt a ndearnadh trácht air ar an cholún seo?)
Chuir an t-eagarfhocal trí cheist faoi fhorbairt teanga: cén dóigh ar féidir athrú a dhéanamh i measc an phobail a bhfuil nós labhairt na Gaeilge caillte ag an ghlúin déagóirí?; cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge?; cén dóigh a dtig linn bunscoileanna Gaeltachta a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge sa dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus gach aon ábhar á theagasc go hiomlán i nGaeilge?
Beidh go leor freagraí ag go leor daoine ar na ceisteanna sin. Ach an rud is mó a rithfeadh leat go bhfuil aon fhreagra amháin le fáil orthu - athnuachan a dhéanamh ar an ghné náisiúnta de thábhacht na teanga do phobal na Gaeltachta agus do phobal na hÉireann.
Cuirimis na ceisteanna ar bhealach eile: cad chuige a bhfuil nós labhairt na Gaeilge caillte ag déagóirí?; cad chuige a bhfuil athrú meoin ar thuismitheoirí i leith na teanga; cad chuige a mbíonn sleamhnú síoraí i dtreo an Bhéarla i mbunscoileanna Gaeltachta?
Níl sé míréasúnta aon fhreagra ollmhór amháin a thabhairt - ní fheictear do phobal na Gaeltachta nó do phobal na hÉireann go bhfuil fiúntas ag baint leis an teanga ar bhonn náisiúnta gan a bheith ag caint ar bhonn idirnáisiúnta.
Sin an áit a bhfuil an teip agus an chodarsnacht. Tá neart airgid á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge (b'fhéidir nach gcaitear go héifeachtachtach é ach tá sé ann); tá neart daoine tuigseacha gníomhacha ag plé leis an teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di; tá go leor polaiteoirí ann a bhfuil an teanga acu agus ar féidir iad a náiriú le "rud inteacht" a dhéanamh. Agus is mó gur "náiriú" ná spreagadh atá i gceist go minic - cá fhad eile a mhairfidh an náire féin? (Agus tá, cinnte, polaiteoirí ann a aithníonn luach na Gaeltachta agus a shaothraíonn thar a ceann.)
Is é an dúshlán is mó atá ann fealsúnacht nua athbheochana a cheapfadh, fealsúnacht a thabharfadh sainmhíniú as an úr ar thábhacht na teanga agus a cultúr i gcomhthéacs an lae inniu le súil is go dtarraingeofaí cuid de na daoine neamhghníomhacha sin le Gaeilge ar ais arís leis an teanga a úsáid; forógra nua a d'athdheimhneodh clár cultúrtha na Gaeilge; comhdhálacha poiblí (i mBéarla féin) a thabharfadh aghaidh ar chuid den amaidí a scríobhtar agus a labhartar faoin teanga agus a dhéanfadh iarracht comhghuaillíocht nua chultúrtha a thógáil le, abair, inimircigh.
Cinnte, d'fhéadfaí a rá go bhfuil a leithéid soineanta. Ach b'fhearr do lucht teanga iarracht a dhéanamh an díospóireacht a leathnú amach in áit bheith ag caint leo féin i gcónaí.
Tá sé seafóideach go mbíonn na daoine is eolaí faoi chúrsaí Gaeltachta is Gaeilge - lucht na Gaeilge - ag caint le, á, lucht na Gaeilge agus na daoine atá ar bheagán eolais - lucht an Bhéarla - beo ar chlaonthuairimí tráchtairí nuachtáin. Ní argóint í sin ar son éirí as fiontair nó as dioscúrsa inmheánach. Bímis cruthaiteach dearfach ach cicimis tóin fosta.