An Peann Coitianta: Is é a neart, go dtugann siad faoin obair ainneoin na ndeacrachtaí follasacha ba léir do scoláirí: "Mórdheacracht a bhaineann le beathaí na tréimhse is ea go bhfuil scata, cúpla scór b'fhéidir, filí go háirithe, nár éirigh le scoláirí buneolas a bhreacadh fúthu; ní léir i roinnt cásanna cérbh iad féin fiú. B'fhéidir iontrálacha a scríobh a d'oirfeadh don saothar a dtugtar
'Agus ba mhian linn nach saothar tagartha amháin a bheadh i gceist ach leabhar adhairte a léifí go hócáideach." Sin é mar a scríobh Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú ina réamhrá leis an gcéad imleabhar de Beathaisnéis 1882-1982, (Clóchomhar) Lá Caille 1985.
Tá an taipéis á fí go leanúnach acu ó shin, pictiúr mór ar chanbhás fairsing lán de mhíreanna agus d'eachtraí ar leith, snáthanna ceangail eatarthu uaireanta, iad ar deighilt go minic ach fós atá ina ghréas iomlán.
Is é an t-iomlán an beagán leanúnach, a ndeineann mórán de ar ball. Tá greim faighte ag an sraith Beathaisnéis ar aicme léitheoirí nach scoláirí amháin iad, agus éileamh cruthaithe ag na húdair ar an insint acu, a dheineann de Beathaisnéis saghas seanchais eile amach as úir chré na cille.
Ceann de na dualgais atá á chomhlíonadh ag Beathaisnéis, thrácht Breandán Ó Doibhlin air in Irisleabhar Mhá Nuad i 1965: "Níl ciall le teagasc na Gaeilge mar sin muna seachadtar trí mheán na teanga agus ina teannta, an tsuim mhór sin de thaithí dhaonna, de chríonnacht, de dhúil agus de dhrogall, de dhóchas agus fiú de shearbhas, ar a dtugaimid saíocht na teanga. Ina éagmais sin níl i dteanga ar bith ach córas tur siombal."
Beireann Beathaisnéis greim ar an samhlaíocht, ní amach as ceo na ciandachta agus na hársaíochta agus an Cheilteachais é, ach lámh á síneadh amach as real life. Níl aon iontráil inti nach spreagann rud éigin, fiú Risteard ó Foghludha ina Gothic Lodge i mBaile átha Cliath nó ina oifig do chlóscríobháin Underwood.
Murach clóscríobhán úd Underwood agus cairde Gotacha Uí Fhoghludha is beag de shaothar filíochta na Mumhan ón 18ú haois a bheadh in eagar againn. Nuair a thréigeann ceo na hidé-eolaíochta, is iad na hearraí a fhágtar ina raic choiteann ar an trá a insíonn scéalta na daonnachta dúinn.
Ceann de na tréithe is taitneamhaí de Beathaisnéis nach mbíonn eagla ar na heagarthóirí botúin a dhéanamh, ná dul sa bhfiontar. Ní hé an leagan deifnídeach is mó a bhíonn ag cur tinnis orthu.
Tá caidreamh ar leith bunaithe acu lena léitheoirí timpeall ar na ceartúcháin, ar na breiseanna eolais, ar na bearnaí a bhíonn le dúnadh.
Bhain Beathaisnéis a hAon go Cúig, a bpríomhshaothar mar a dhearbhaíonn siad, leis an dtréimhse Athbheochana úd a thosaigh mar a deir siad féin le bunú Irisleabhar na Gaedhilge.
Seacht gcéad duine, na mairbh úd ar "cuid den náisiún" iad, atá cuimsithe sa saothar. Thosaíodar amach á mheas gur 500 a bheadh inti.
Ceann de na ceisteanna a ndíríonn na heagarthóirí uirthi sa réamhrá le Beathaisnéis a Cúig ná na heasnaimh atá ar an saothar, agus admhaíonn siad féin go mba thrua leo "nár leis na daoine eile, an méid díobh a bhí dearmadtha go háirithe, a chaitheamar ár ndúthracht go léir" seachas leis na "fathaigh" a mbeadh tuairiscí orthu in áiteanna eile ar aon nós.
Siar ó 1882 a théann Beathaisnéis 1782-1881 agus an t-eagrán is deireannaí, Beathaisnéis 1560-1781.
Tá aguisín Ceartúcháin agus Eolas Breise leis an gcéad cheann acusan. 1560 seachas Cath Chionn tSáile? "I mbliain 1558 a tháinig Eilís i gcoróinBheadh sé furasta tosú le Cath Chionn tSáile. Ach roimhe sin bhí cor curtha sa scéal ag an stát Túdarach, ag an Reifirméisean, ag an bhFrithreifirméisean, agus ag Athbheochan an Léinn".
Is é a neart, go dtugann siad faoin obair ainneoin na ndeacrachtaí follasacha ba léir do scoláirí: "Mórdheacracht a bhaineann le beathaí na tréimhse is ea go bhfuil scata, cúpla scór b'fhéidir, filí go háirithe, nár éirigh le scoláirí buneolas a bhreacadh fúthu; ní léir i roinnt cásanna cérbh iad féin fiú. B'fhéidir iontrálacha a scríobh a d'oirfeadh don saothar a dtugtar 'Compánach' air.
An obair riachtanach atá déanta anseo, go bhfuil na leabhair agus na haistí, na bunfhoinsí agus na tagairtí léite ag Breathnach agus Ní Mhurchú ar ár son, agus iad tugtha le chéile chomh fada lena n-eolas agus lena gcumas sna hiontrálacha.
Ní bhíonn síntiús againn do na hirisí léinn go léir. Lena chois sin is geall le comhthéacs as an nua iad na hiontrálacha ar leith ach iad a léamh as a chéile.
Bhí na filí ann. Chaitheadar saol. Is cuid den phictiúr iomlán iad mar ab ea riamh, Ó hEodhasa, Eochaidh agus Giolla Brighde, Ó Rathaille, Ó Bruadair agus Ó hUaithnín.
Is maith nár chomhlíon eagarthóirí Beathaisnéis a ráiteas agus clabhsúr a chur ar a saothar mar a ghealladar tamall de bhlianta ó shin.
Mar a dúrt cheana is saothar pietas thar na bearta é. Táid ag obair ar imleabhar eile anuas go dtí tairseach na mílaoise seo.
Saothar leanúnach idir lámha i gcónaí é, agus go nimí an íde chéanna le gean air mar a deir siad féin a d'imigh ar chóip de shaothar scríbhneoireachta san iontráil ar De Barra, Dáibhí: "chuir sé dlús le cóip nua i ngeall ar an seancheann a bheith rósractha tar éis gur 'ghabh sé i measc iomad drochlámh'."