Tá bliain istigh anois ó achtaíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla 2002. Shílfeá ó dhíospóireachtaí sna meáin le déanaí gur ritheadh trí thithe an Oireachtais é gan plé ar bith nó i ngan fhios don phobal, a scríobhann Pádraig Ó Ceithearnaigh
B'fhéidir mar sin nár mhiste feiscint cá seasann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi láthair.
In ainneoin na lochtanna atá ar an Acht - tá daoine ar thaobh amháin ag rá nach dtéann sé sách fada agus daoine ar an taobh eile ag rá go dtéann sé i bhfad rófhada - is é an chéad phíosa reachtaíochta a thugann feidhm don stádas ar leith atá ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann.
Seachas trí alt, cé gur altanna tábhachta iad sin, tá an chuid eile den Acht i bhfeidhm. Is iad na haltanna nach bhfuil i bhfeidhm, Alt 7 a bhaineann le foilsiú Achtanna go dátheangach agus go comhuaineach, Alt 8 a bhaineann le feidhmiú obair na gcúirteanna agus Alt 9.3 a bhaineann le comhlacht poiblí bheith ag déanamh cumarsáide i scríbhinn nó go leictreonach leis an bpobal.
Tá altanna eile ann agus is gá céimeanna áirithe a ghlacadh chun go mbeidh siad i bfeidhm go hiomlán. Ina measc sin tá Alt 9.1 ina bhfuil foráil ann maidir le stáiseanóireacht, fógairtí béil, comharthaí, srl, bheith dátheangach ach tá gá le rialacháin ón Aire ar an ábhar seo ar dtús sula mbíonn feidhm reachtúil leis.
Tuigtear dom go bhfuil dréacht de na rialacháin le hoifig an Ard-Aighne faoi láthair agus go leagfaidh siad síos go cruinn céard díreach atá le déanamh ag na comhlachtaí poiblí.
Faraor, cuireann reachtaíocht nach mbíonn súil leis moill le rialacháin mar go dtógann rialacháin an dara háit ar dhréimire na reachtaíochta. Ach más fíor an méid a bhí á léamh amach ar chláracha áirithe ar RTÉ le déanaí leagfaidh na rialacháin chéanna bonn ceart faoi infheictheacht na Gaeilge agus cinnteoidh siad go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil go poiblí sna blianta beaga amach romhainn.
Alt eile san Acht seo go bhfuil an-chaint faoi agus go bhfuil pobal na Gaeilge ar bís ag fanacht go bhfeicfear i bhfeidhm go hiomlán é is ea Alt 11. Leagann an tAlt seo dualgas ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéimeanna a ullmhú ina leagfaidh siad síos céard iad na seirbhísí a bheartaíonn siad a sholáthar: trí mheán na Gaeilge amháin; trí mheán an Bhéarla amháin agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon.
Is bealach nó córas pleanála reachtúil atá sa scéim chun dualgas a chur ar chomhlachtaí poiblí leibhéal agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil don phobal a fheabhsú go céimiúil.
Pé seirbhís trí Ghaeilge a ghealltar faoi scéim an chomhlachta phoiblí, tá ceart ag an saoránach faoin Acht an tseirbhís sin a fháil. Gné an-tábhachtach den Acht is ea na scéimeanna. Is tríd na scéimeanna go príomha a chuirfear na seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil don phobal.
Chun cabhrú leis na comhlachtaí poiblí na dréacht-scéimeanna seo a ullmhú, tá ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, faoi Alt 12, treoirlínte a eisiúint.
Tá dréacht de na treoirlínte eisithe anois agus scaipthe ar na comhlachtaí poiblí ar fad. Déanfaidh an tAire na treoirlínte a dhaingniú ag tógáil tuairimí na gcomhlachtaí poiblí san áireamh.
Is é mo thuiscint go bhfaighfidh méid áirithe comhlachtaí poiblí fógra oifigiúil ón Aire ag tús Mheán Fómhair ag treorú dóibh a ndréacht-scéim a ullmhú agus beidh sé mhí acu sin a dhéanamh.
Cén fáth dréacht-scéim? Is dréacht-scéim a bheas inti go dtí go ndéanfaidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta í a dhaingniú. Is scéim oifigiúil a bheidh inti ina dhiaidh sin.
Tá ról ar leith ag an bpobal i ndréachtadh na scéimeanna seo. Tá dualgas ar na comhlachtaí poiblí fógraí a fhoilsiú ag rá go bhfuil i gceist acu dréacht-scéim a ullmhú agus go bhfáilteoidís roimh aon uiríll/mholadh ó pháirtithe leasmhara. Is é sin, go simplí, aon duine nó grúpa a bhaineann leas nó úsáid as seirbhísí ón Stát.
Mar sin, b'fhéidir idir seo agus tús mí Dheireadh Fómhair gur mhaith leat bheith ag machnamh ar na seirbhísí trí Ghaeilge gur mhaith leat a fháil ó chomhlachtaí poiblí. Anois do seans!
Tar éis don Aire an dréacht-scéim a dhaingniú, tabharfaidh sé cóip den scéim don Choimisinéir Teanga. Ó achtaíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla ar an 4 Iúil 2003 bheadh sé ceart a rá gurb é ceapachán an Choimisinéara Teanga an gníomh is mó atá tar éis dul i bhfeidhm ar an bpobal, go háirithe ar phobal na Gaeilge.
Cé nach bhfuil Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga ach le cúig mhí anuas tá muinín curtha ag an bpobal ann cheana féin. Braitheann pobal na Gaeilge go bhfuil cosantóir oifigiúil aige don chéad uair ó bhunú an Stáit.
Tá ról fíor-thábhachtach ag an gCoimisinéir Teanga i bhfeidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé iomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna. Ón méid atá cloiste againn uaidh go dtí seo tá lán i gceist ag an gCoimisinéir an neamhspleáchas sin a chosaint.
Ní miste cur síos gairid a dhéanamh ar fheidhmeanna an Choimisinéara:
monatóireacht/faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí. (Cheana féin tá an Coimisinéir tar éis a chur in iúl go poiblí go bhfuil líon beag comhlachtaí poiblí ag sárú na bhforálacha seo agus nach mbeidh rogha aige ach iad a ainmniú ina thuarascáil bhliantúil do thithe an Oireachtais.);
Mar sin, feictear go bhfuil réimse leathan cúraimí ar an gCoimisinéir agus é i mbun iad a chomhlíonadh go díograiseach cheana féin. Céard iad na cearta eile a bheas againn faoin Acht?
Má scríobhann tú chuig aon chomhlacht poiblí i nGaeilge anois tá tú i dteideal freagra a fháil i nGaeilge.
Beidh cáipéisí áirithe ar fáil go dátheangach ar nós: ráitis straitéise;tograí beartais phoiblí; tuarascála bliantúla; aon doiciméad go bhfuil tábhacht mhór phoiblí ag baint leis.
Má bhíonn ort dul os comhair coiste Dála beidh sé de cheart agat anois faoin Acht do chur i láthair a dhéanamh i nGaeilge.
Gan dabht, is trí na scéimeanna, a luaitear faoi Alt 11 agus atá mínithe thuas, a chruthófar fiúntas an Achta nó a mhalairt amach anseo.
Ar ndóigh, taobh amuigh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá seirbhísí áirithe á dtairscint ag comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha agus ba chóir dúinn leas a bhaint astu.
Ina measc siúd tá: billí i nGaeilge nó go dátheangach ó dhreamanna mar BSL (ESB), Bord Gáis, Vodafone, Eircom, Rua Telecom, VHI; córas athnuachanna mótarcánach ar fáil ar an Idirlíon i nGaeilge nó ar pár ó na comhairlí contae éagsúla; seirbhís iomlán i nGaeilge ar fáil ó Aonad 8 de na Coimisinéirí Ioncaim.
Mar sin, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm. Céim ar chéim beidh na seirbhísí áirithe ar fáil i nGaeilge. Ní bheidh a líon sách dóthaineach do roinnt daoine ach tá achair fada caite againn ag fanacht orthu. Is éard atá tábhachtach ar dtús go mbeidh pé seirbhísí a chuirfear ar fáil ar ard-chaighdeán - is é sin go mbeidh siad, ar a laghad, gach pioc chomh maith leis na seirbhísí i mBéarla.
Beidh gá an pobal a chur ar an eolas fúthu agus go dtuigfidh an pobal go mbeidh fáilte rompu in úsáid na seirbhísí trí Ghaeilge agus beidh gá leis go mbainfí leas astu agus go gcuirfí leo go rialta.
Is iad na seirbhísí is mó go mbíonn éileamh ag an bpobal orthu nó a leagann dualgais ar an bpobal na cinn gur gá díriú orthu mar thús.
Bainimis leas as an Acht anois. Nuair a thagann an deis chun cinn ár dtuairimí a chur os comhair na gcomhalachtaí poiblí ná fágaimis faoi dhaoine eile é.
Beidh siadsan ag ceapadh go ndéanfaidh tusa é.
Is é Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é Pádraig Ó Ceithearnaigh