Is breá linn i gcónaí bheith ag léamh fúinn féin mar chine. Nach Éireannaigh muid, pobal fial flaithiúil, croí na féile agus féith an ghrinn go smior ionainn. Nach bhfuil na dea-thréithe grinn feicthe go minic i scannáin Hollywood?
Leoga, ní thiocfadh leat The Quiet Man a shamhlú áit ar bith eile ach in Éirinn.
Ní i gcónaí a chuireann tuairiscí eile lenár gcáil. Tóg, mar shampla, saothar Caryl Phillips, scríbhneoir, agus é ar cuairt in Éirinn i lár na 1980í. I mBéal Feirste a tháinig sé i dtír. Thug sé cuairt ar Bhóthar na bhFál - áit ar glaodh "black bastard" air. Ábhar iontais do Phillips an íde béil chiníoch. Bhí sé ag súil le fáilte eile in Iarthar Bhéal Feirste nó chuir sé tús leis an chaibidil Éireannach le rann filíochta de chuid Bobby Sands.
Chuaigh Phillips suas go Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin: "That evening I passed a gaunt young woman squatting up against a wall on O'Connell Street. "Twenty pence for my child, mister." Her voice was lyrical. I had no change so I walked on. She shouted after me, "Hey mister, you're a nigger!""
De bhunadh San Críostóir sa Mhuir Chairib é Phillips. Bhog a mhuintir go Sasana nuair a bhí sé ina thachrán agus d'éirigh sé aníos i Leeds. Sa dá chnuasach aistí leis, The European Tribe agus an ceann is déanaí, A New World Order, féachann sé le léargas a fháil ar an saol ar de é. Baineann sé leis an Bhreatain ach ní den Bhreatain é mar gheall ar dhath a chraicinn, a mhothaíonn sé.
Is beag cuimhne atá aige ar an oileán ar ar saolaíodh é. Filleann sé ar ócáid amháin nuair a bhaineann an t-oileán céanna neamhspleáchas amach ach is beag a thionchar air. Tá lorg na Breataine air agus lorg scríbhneoirí na hEorpa agus na hAfraice air. Tá bá aige leis an oileán ach ní den oileán sin níos mó é.
Spéisiúil, mar sin, an mhír bheag faoina thuras ar Éirinn. Ní saor ó réamhchlaontaí atá Phillips féin, dála an scéil. Labhrann sé faoi "mainland Britain" (what ish my mainland?) agus cad é faoi seo mar chur síos ar ár n-oileán beag féin: "Ireland is a country of massive contradictions. A country legendary for the gregariousness of its people and their gentle disposition, yet it is inextricably involved in the continuing struggle of the IRA violently to expel (sic) the British from Ulster."
Ní raibh dúnmharfóirí nó banéagnóirí nó gadaithe againn ach bhí muid uilig "inextricibly involved" i bhfeachtas an IRA. Agus, by dad, nach muid atá ceolmhar inár gcuid cainte - fiú lucht déirce liriciúil ciníoch na sráideanna.
Léargas lochtach neamhiomlán, ar ndóigh, ach taobh thiar de, tá fírinne shearbh áirithe le baint as a chuid scríbhneoireachta - an fuath poiblí a léiríonn roinnt Éireannach don duine ón taobh amuigh ach deis a fháil. Ní pobal ciníoch muid, a déarfadh liobrálach. B'fhéidir. Nó b'fhéidir go bhféadfaí a rá nach pobal ciníoch muid siocair nach bhfuair muid deis bheith ciníoch de bharr easpa aghaidheanna dubha agus donna bheith inár gcuideachta.
(Agus ná déan dearmad ach an oiread gur féidir le Críostaithe geala na hÉireann bheith seicteach - ach deis a fháil.)
Cuireann Phillips ceisteanna ina chuid leabhar ar fiú dúinn uilig machnamh a dhéanamh orthu. Cad is ciall leis an Eoraip nó le bheith i d'Eorpach? Cad iad na slatanna tomhais a leagtar síos? An féidir le daoine taobh amuigh de chultúr seasta (sa mhéid go mbíonn cultúr ar bith seasta) an féidir leo saoránaigh a dhéanamh díobh féin ach teanga na tíre sin a thabhairt leo nó an mbeidh dath a gcraicinn i gcónaí ina "chonstaic" ag daoine áirithe?
Cad é an dóigh a réitíonn muid luachanna traidisiúnta le luachanna daoine eile - daoine a theitheann tíortha de bharr foréigin nó bochtanais; daoine nach mbíonn de mhaoin acu go minic ach na héadaí ar a ndroim; daoine nach dtig leo "baile" a thabhairt ar áit ar bith?
Agus é ag taisteal tríd an Eoraip, castar daoine ar Phillips arís agus arís eile a thugann íde béil chiníoch dó - sa Spáinn, sa Ghearmáin agus sa Rúis. Níl éalú aige ar an chiapadh. Is cuma gur scríbhneoir cumasach é; is cuma gur oileadh ar ollscoil é. Is é dath a chraicinn agus dath a chraicinn amháin a tharraingíonn aird air.
Ní hé Phillips an chéad scríbhneoir a shiúil críocha an domhain ar lorg eolais air féin agus a d'fhéach le fréamhacha a aimsiú. Tá sampla den tóraíocht chéanna le fáil in Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna, fear a chreid go mór i saoirse na spaisteoireachta agus a scaoil a shamhlaíocht leis an ród sin roimhe.
Agus é ag taisteal sa Bhreatain Bhig, casadh fear dubh ar Mhac Grianna. Mac Mhaitiú ab ainm dó agus saolaíodh sna hIndiacha Thiar é. Insíonn Mac Grianna dúinn go raibh sé "séimh, nádúrtha, múinte agus ciall do ghreann aige, agus intleacht ghéar aige agus bua ar leith aige ag léamh intinn daoine".
Baineann Mac Grianna úsáid as ceann de na sean-nathanna is caite dá bhfuil ann agus é á chur féin in aithne dá chara nua: "Cinnte chuala tú iomrá ar na hÉireannaigh, an dream a bhíos ag troid i gcónaí, achan áit dá mbíonn siad, agus a ndearnadh ní ba mhó éagóra orthu ná an dara dream san Eoraip."
Ach tagann athrú poirt ar Mhac Grianna i ndiaidh dó roinnt leabhar a léamh faoi stair an chine dhuibh: "Chaith mé coicís ag léamh, agus bhí an scéal chomh gránna agus go raibh náire orm bheith i mo fhear bhán, agus gur aidmhigh mé nach raibh in éagóir mo thíre féin mar bhos a bhuailfí ar pháiste lena thaobh."
Ní den chéad uair a léiríonn Mac Grianna gur scríbhneoir éisceachtúil forásach é. Cuimhnigh gur foilsíodh Mo Bhealach Féin den chéad uair in 1940 agus an pláinéad i ngreim cogaidh dhomhanda agus ciníochais.
Agus is spéisiúil fosta an dóigh a gcastar Mac Grianna agus Mac Mhaitiú ar a chéile. Rinne fear geal iarracht suíochán Mhac Mhaitiú a scuabadh leis. Chosain Mac Grianna cathaoir an fhir dhuibh le "mionna mór". As an ghníomh beag sin a d'eascair an t-aitheantas - cathaoir, áit suí, deis chun scíth a ligean.
Ní holc an sampla é dúinn sa lá atá inniu ann.