Beocheist: Tuigim go maith dóibhsean a bhíonn ag éileamh - mar a chuireann siad féin é - "go dtabharfaí na sráideanna ar ais do na daoine", a scríobhann Éadhmonn Mac Suibhne
Gach seans gur mó fós a bheidh an gearán acu anois ó tá an LUAS linn agus sráideanna breátha mar Shráid Fhearchair is an taobh iartharach d'Fhaiche Stiabhna - gan trácht ar Shráid na Mainistreach - á ngearradh ina ndá chuid ionas gur féidir leath amháin díobh a chur in áirithe do na tramanna.
Feictear dom, áfach, nach bhfuil an scéal gar do bheith chomh holc fós i mBaile Átha Cliath agus atá i roinnt de na mórchathracha eile san Eoraip. Glacaim an Bhruiséil - áit ar chaitheas tamall le déanaí - mar shampla. Ní don chéad uair a rith sé liom gur beag ceart chun an bhóthair a ghéilltear don té atá ag siúl sa chathair sin.
Fiú má dhéanann tú iarracht ar an mbóthar a thrasnú áit a bhfuil an fógra cuí, ní foláir duit dúshlán na dtiománaithe bus is na ngluaisteán a thabhairt sara n-éiríonn leat teacht slán agus - sé seo adúradh liom, ar aon nós - níl dlí ar bith á bhriseadh ag na tiománaithe leis an gcineál san drochiompair. Ná níl amhras orm ach go mbeadh rud den saghas céanna le hinsint acu sin atá eolach ar chúrsaí sna cathracha eile ar an Mór-Roinn.
Is scéal thairis é sin, ar shlí, mar nach leor mar éileamh liomsa é go dtabharfaí na sráideanna ar ais do na daoine - is é atá uaimse ná go dtabharfaí an tír ar fad ar ais dúinn.
I láthair na huaire, samhlaítear dom go bhfuil an t-iomlán gafa go craosach ag na crainn tógála agus ag na tochailteoirí, ag na leoraithe agus ag na trucailí agus acusan atá i mbun foirgnimh a leagadh, nó a thógáil, nó a dheisiú. Agus is cosúil nach bhfuil duine ar bith ag cuimhneamh ar Sheáinín-bocht-na-sráide nach bhfuil uaidh ach siúl go slán ar an gcosán agus é i mbun a ghnó féin.
Ar ndóigh, lasmuigh ar fad den chur isteach ón innealra gránna san go léir orainn, tá na ríomhairí agus na gutháin phóca agus a leithéid eile nach dtugann sos nóiméid féin dúinn le sonas éigin a shú as an saol. Bhítí a mhaíomh go mbeadh i bhfad ní ba mhó ama againn lenár suaimhneas a ghlacadh nuair a dhéanfaí forbairt cheart ar na ríomhairí, mar shampla, ach feictear dom anois gurb é atá tarlaithe i ndáiríre gur mó fós an obair atá curtha acu orainn agus gur lú dá réir an méid ama atá ar fáil don chaitheamh aimsire againn.
Tamall gearr de bhlianta ó shin bhuailfí leis an alltacht an té go n-iarrfaí air a chuid oibre a thabhairt abhaile leis agus í a dhéanamh sa tigh, ach tá cairde agam féin gurb é sin an gnáthnós acu anois agus is thart ar an gcleachtadh sin atá saol na n-ainniseoirí tógtha.
Cuirimis sin uainn, ar aon chuma, agus fillimis ar shráideanna Bhaile Átha Cliath (agus ar na cathracha agus ar na bailte móra eile tríd an tír). Mar adeirim, tuigim go maith doibhsean atá ag gearán go bhfuil na sráideanná á gceilt cuid mhaith ar an bpobal agus gur chóir an scéal a chur ina cheart. Ta an focal "ceart" fíor-tábhachtach, áfach.
Ní baol go mbeinnse i bhfabhar na sráideanna a chur ar fáil do dhaoine le raic a thógáil iontu, gan amhras; ná ní moide go mbeinn sásta go gcuirfí ar fáil iad chun go mbeifí ag caitheamh dramhíola thart, nó ag scaoileadh múin iontu, nó ag aiseag iontu, nó le fuinneoga na siopaí a bhriseadh iontu, nó le haon diabhlaíocht eile den chineál san a chur i gcrích.
Ritheann liom go bhfuil Sráid Ghrafton ar an sampla is fearr atá againn de shráid "a tugadh ar ais do na daoine".
Tá an trácht díbeartha as an áit agus lán-chead ag na coisithe bheith ag spaisteoireacht leo ar a suaimhneas, bheith ag stánadh isteach sna siopaí agus bheith ag déanamh iontais den bhfán-aisteoireacht (focal De Bhaldraithe ar "busking") a bhíonn ar siúl ann ó mhaidin go hoíche.
Gach rud go seoigh, adéarfá? Agus mar sin a bheadh freisin mura mbeadh go bhfuil cuid de na fán-aisteoirí imithe i muinín na n-aimplitheoirí cheana féin agus go bhfuil an fhuaim chomh hard san acu go bhfuil siad ag cur isteach ar a chéile agus nach é an ceol an toradh a thuilleadh ach an rúille-búille. Go bhfóire Dia orainn nuair a théann a thuilleadh díobh leis an aimpliú, mar a dhéanfaidh chomh siúráilte is atá cos ar asal.
Spreagann an t-iomlán dhá cheist. An chéad cheist ná an bhfuilimidne in ann na sráideanna a úsáid i gceart má chuirtear "ar fáil dúinn" iad?
Agus an cheist eile - cathain a aithneoidh na húdaráis gur truailliú ar an timpeallacht é an torann agus go bhféachfaidh siad lena mhaolú chomh mór agus is féidir leo?