Tá grúpa nua, Cosaint na Gaeltachta, i ndiaidh aighneacht a chur faoi bhráid Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Chiarraí lena míshuaimhneas faoi scéim nua 20 teach atá beartaithe do Bhaile an Fheirtéirigh, Corca Dhuibhne, a chur in iúl.
Dúirt urlabhraí thar ceann an ghrúpa, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh ionadaithe ó cheantair mhóra Ghaeltachta i gCúige Mumhan, Conamara agus Dún na nGall, ag obair as lámh a chéile "le súil a choinneáil ar iarratais phleanála sna ceantair láidre Ghaeltachta. Nílimid ag dul in aghaidh na dtithe ach ba mhaith linn go mbeadh cúrsaí teanga san áireamh."
Mhol sé "ceangal úinéireachta Gaeilge" a chur i bhfeidhm ar na tithe mar atá déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe i gcás scéimeanna tithíochta faoina bplean forbartha féin.
"Tástáil" a bhí san aighneacht, a dúirt Ó hÉallaithe, ar éifeacht phlean forbartha Chiarraí cosaint a thabhairt don Ghaeilge.
Rud nua ar fad a bhí ann go bhféadfaí cúrsaí teanga bheith i gceist le cead pleanála a dhiúltú, a dúirt sé.
Mura bhfaigheadh an grúpa freagra sásúil ar a n-aighneacht, tá rún acu achomharc a lorg ón mBord Pleanála.
Scríobhann an grúpa go bhfuil "an ceantar Gaeltachta taobh thiar den Daingean i gCiarraí ar an gceantar deireanach i gCúige Mumhan a bhfuil an Ghaeilge á húsáid ag formhór an phobail mar ghnáth-theanga labhartha".
Chuige sin, bhí dualgas ar an údarás pleanála í a chosaint. Níor cheart do na húdaráis rud ar bith a cheadú a chuirfeadh príomhtheanga an phobail i mbaol.
Léirigh torthaí an Daonáirimh agus Scéim Labhairt na Gaeilge go raibh an teanga faoi bhrú ag an Bhéarla agus go dtiocfadh le scéim den chineál a bhí beartaithe "cúrsaí teanga a chur as a riocht agus scrios a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga phobail."
Dá dtarlódh sé sin, ba dhoiligh an teanga a chaomhnú sa chuid eile d'Iarthar Dhuibhneach, rud a chiallódh bás an cheantair is láidre teanga i gCúige Mumhan, a scríobhtar.
Molann an grúpa go gcuirfí "coinníoll leis an gcead pleanála faoina gcaithfeadh an forbróir teacht ar shocrú dlí leis an gcomhairle contae maidir le bealach a chinnteodh gur daoine le líofacht Gaeilge a bheadh ina gcónaí sna tithe, ar mhaithe le teanga pobail an cheantair a chosaint ón bhforbairt".