CROBHINGNE:TÁ CÁCH seachas na daoine ba chiontaí le greadadh ag an mBord Slaiseála. Cuma dhuairc atá ar aghaidh na tíre agus an ghruaim á leathadh. Ba dhóigh leat nach raibh an dara rogha againn ach glacadh leis an dúchinniúint agus ár gcuid leasracha a dhlúthú go teann. Ní fíor sin, gan amhras, ach toisc gur shloig an pobal mór scéal na maitheasaí móra agus an chúis ba bhun leo, is beag is féidir leis an bpobal céanna a dhéanamh gan a chuid mearbhaill a admháil.
Agus faoi bhun a bheith bancbhriste féin, is lánleasc le daoine glacadh lena n-ais gur cuireadh an chluain mhaoineach orthu.
Dearmadtar na tráchtairí, na polaiteoirí, na heacnamaithe, mar b’iad a bhí gafa i lúib na bréige. Ba dhóigh leat, áfach, go mbeadh léargas éigin sa bhreis ag an aos dána, ag na healaíontóirí a mhaíonn go bhfuil éachtaint acu ar na léaspairtí a cheiltear ar chách a chéile den choitiantacht.
Ach cá bhfuil na healaíontóirí uainn anois, go díreach nuair atá gá againn leo? Cá bhfuil an fhearg, agus an bhinb, agus an aoir? Ní ar son amaidí an tsaoil abhus go díreach, ach ar son amaidí an tsaoil mhóir.
Ceann de na ráitis ba chumhachtaí dar déanadh in aghaidh na cogaíochta san aois seo caite ba ea pictiúr táscúil Phicasso Guernica. B’é a fhreagra é ar bhuamáil an bhaile sin ag fórsaí na Gearmáine in Aibreán na bliana 1937. B’fhéidir nár éirigh leis oiread agus leanbh amháin a shlánú, agus is lú ná sin a thug sé ar rialtais na hEorpa (rialtas na Breataine ina measc) gan aitheantas a thabhairt don Ghinearál Franco sar a raibh an bua déanach aige.
Thall ina choinne sin, maireann an ealaín seo mar chomhartha agus mar mheabhrú ar an mbarbaracht nach féidir linn í a shloinneadh. Taibhreamh fíorfháistine don uile bhuamáil ó shin.
Táid ann nach dtuigeann cad is brí leis an bpictiúr toisc é a bheith teibí, dar leo. Níor aontaigh Picasso go raibh ealaín theibí ann, óir caithfear tosnú le rud éigin. Gearánadh leis nach raibh a chuid ealaíne réalaíoch. Nuair a thaispeáin an gearánaí grianghraf dá bhean is dá chuid páistí dó, leath a shúile ar Phicasso le hiontas: “Ó, ní raibh a fhios agam go raibh siad chomh beag sin!”
Go minic ina chuid pictiúr eile, cheapfá go raibh cloigne daoine smístithe le tua. Is mó ná smístithe le tua a bhí siad i mbaile úd Guernica tar éis do na buamairí Junker agus Heinkel an slad a dhéanamh. Go minic ní leor an pictiúr réalaíoch ná an insint lom leis an uafás a léiriú. Is mó an chuimhne atá anois againn ar shléacht Ghuernica ná sléacht na mílte baile eile sa chogadh mór sin idir An Ghearmáin agus An tSoivéad Aontaithe de thoisc an phictiúir aonair seo amháin.
Chuir Gearmánach áirithe ceist air le teann measa maidir leis an bpictiúr. “An tusa a rinne é sin?” ar seisean. B’é an freagra a tháinig go grod: “Ní hea, is sibhse a rinne é!”
Dúirt Picasso go minic gurbh í an scuab a uirlis chogaidh. Uirlis chogaidh ealaíonta ba ea í, gan amhras anonn, ach uirlis pholaitíochta agus shóisialta chomh maith céanna. Ní go réimdhíreach a oibríonn an ealaín mar a thuig sé go maith. Dúirt sé uair amháin dá mbeadh a fhios cad a bhí le déanamh agat cén gnó a bheadh ag duine é a chur i gcrích.
Is é a dhála céanna ag an ealaín é. Ní heol do dhuine ar bith cad í an chríoch dhéanach a bheidh ar aon ghníomh ealaíonta a dhéanfaidh sé, ach is deimhin go mbeidh críoch dhéanach éigin aige.
B’ealaíontóir siar amach go dúid é Picasso. Dúirt a mháthair leis aon uair amháin, “A Phablo,” ar sise, “dá mba rud é gur chuaigh tú le sagartóireacht bheifeá id Phápa anois; agus dá mba rud é gur chuaigh tú le polaitíocht, bheifeá id Uachtarán; ach toisc gur chuaigh tú le healaín is amhlaidh gur Picasso tú feasta.”
Is chuige seo nach indeighilte ar fad an cúram pearsanta agus an cúram poiblí san ealaín. Ní foláir don scríbhneoir, phéintéir, dealbhóir, fhile, aisteoir, chumadóir a fhís féin a leanúint. Ach ní féidir leis an bhfís sin a bheith i leataoibh na slí amháin, ag tochas ar a himleacáin féin. Baineann an ealaín leis an saol eile nach sinne amháin é, nó ní faic an bharra í, ná giob, ná tada, ná puinn ná damál.
Is beag rud is lú is cás linn ná an file a chuireann a cloigeann san oigheann ar son a cuid leithleasachta aonair beagshuaraí amháin.
Is í an mhórcheist ná cá bhfuil na húrscéalta agus na dánta agus na drámaí ar an ngadaíocht a déanadh abhus, agus cá bhfuil na pictiúir a nochtann meon na n-amhas sa tSionainn dúinn ar a slí dhóibh go Falluja?