Handelúil

CROBHINGNE: TÁ RUD éigin Handelúil mar gheall ar an tseachtain seo

CROBHINGNE:TÁ RUD éigin Handelúil mar gheall ar an tseachtain seo. Dé Luain an 13ú is ea a chéadléiríodh an Messiah do mhaithe is do mhionuaisle Bhaile Átha Cliath ar shráid Sheamlas an Éisc sa bhliain 1742, bíodh nach dócha go raibh mórán seamlasóirí iasc i láthair.

Dé Máirt an 14ú lá is ea a fuair an cumadóir féin bás 17 bliain ina dhiaidh sin. Dé Céadaoin an 15ú lá saolaíodh an búistéir mór le rá, An Diúca Cumberland bliain is fiche roimh an gceol i mBaile Átha Cliath. Agus inniu, an 16ú lá is ea a troideadh an cath deireanach in aghaidh na bunaíochta Gearmánaí i Sasana ag Cúl Lodair lasmuigh de Inbhir Nis na hAlban sa bhliain 1746.

Ar nós cách a chéile cloisim an Messiah á cheol is á sheinneamh, go háirithe aimsir na Nollag. Ba cheart gur ardú meanman a bheadh ann. Agus ardú meanman, gan amhras, is ea an Curfá Aililiú, bíodh is nach gcloiseann aon duine na focail go róchruinn seachas “And he shall reign forever and ever...” ag dul síos go dtí bonn na bróige ionat.

Ní fíor gur tagairt do shíorbháisteach na hÉireann na línte sin. Is aithne dhom duine a cheap gur ‘How Great the Wart’ ba ea na focail ó iomann eile, agus a bhíodh i gcónaí ag faire air féin dá réir. Um Nollaig is mó a léirítear is a sheinntear an Messiah, cé gur don Charghas a cumadh ar dtús é.

READ SOME MORE

Is lánoiriúnach gur don Charghas é, mar is carghas is ea an chuid is mó de seachas na hardphointí sin a bhíonn ar fáil ina ngiotaí ar cheirníní don choitiantacht, agus mar rogha an phobail ar Lyric FM.

Dhá uair an chloig go leith nach mór atá sa cheolphíosa ar fad, agus níorbh fholáir do dhuine lamhnán maith láidir a bheith aige d’fhonn teacht slán as ar fad.

Is í an cheist a bheadh ag dó na geirbe agat, dá mbeadh gearb le dó agat, ná cad é an gaol idir an ealaín mhór ard uasal, agus gnóthaí beaga talmhaí suaracha ar nós daoine a chur chun báis gan taise gan trócaire?

Is féidir, gan amhras, taitneamh a thabhairt do roillsí fuaimneacha Milton agus a theanga mheadarach ag gluaiseacht go triopallchluthmharach trí Paradise Lost, ach is deacair a mhaitheamh dó gur pháirtí Chromail é, agus nár léir gur ghoil sé an deoirín tirim féin nuair a bhí leanaí á gcur ar spíce i mbailte abhus is thall.

Bhí Ezra Pound ar dhuine de na filí ba ghile de chuid na haoise seo caite, file a labhair le guth údarásach agus a bhain ramsach as an mBéarla nuair a bhí sé ina ghá; ach ar chúis éigin níor léir dó gurbh amadán contúirteach agus gamal gan éifeacht le cois é Mussolini.

An léine ghorm a chaith Yeats agus na hamhráin mhairseála faisisteacha a chum sé, b’fhearr linn dearmad a dhéanamh orthu agus ár gcuid marana a chaitheamh lena widening gyres agus béisteanna samhlacha ag teacht aníos as Anima Mundi seachas na béisteanna a bhí ag coisíocht dá chuid focal féin.

Níor mhaith leat nach mbeadh fáil ar dhialanna André Gide, ach giob ní dúirt sé in aghaidh choncas na Fraince ag an nGearmáin Naitsíoch, amhail is nár bhain sin le hábhar a anama féin.

Ní raibh Jean-Paul Sartre mícheart an t-am ar fad in ainneoin gur dhein sé a shárdhícheall formhór an ama, ach ina choinne sin, is é a bhí breá toilteanach an lúitéis chuí a dhéanamh blianta an chogaidh ionas go léireofaí dráma dá chuid le caoinchead na n-údarás.

Is deacair aon phioc de Heidegger a léamh gan smaoineamh gur Naitsíoch ba ea é; is deacair aon phioc de Heidegger a léamh cuma ar Naitsíoch nó nár Naitsíoch é. Fealsamh é ar mhór aige ‘an bheith’ ach gur chuma leis faoin mbeatha.

Nuair a d’fhill An Diúc Búistéir Cumberland aduaidh as Cúl Lodair tar éis dó síocháin an chlaímh is na cnáibe a chur i bhfeidhm is amhlaidh gur chum Handel ceol gairdeachais dó. ‘See, the Conqu’ring hero comes’ a thugtar ar an bpíosa seo de ghnáth.

Labhartar leis an mBúistéir mar “Truly Wise, Valiant and Virtuous Commander” sa téacs, agus is deacair gan easaontú le gach focal ann. Seinneadh ar an gcéad lá d’Aibreán é sa bhliain 1747, ach ní dócha gur léir an íoróin d’aon duine díobh.

Is féidir a bheith ródhian ar Handel, b’fhéidir. Ar an leathláimh amháin, ráineodh nach raibh ann ach gur dhuine d’aos dána na linne é, crústa le tuilleamh agus bolg le líonadh agus mar sin de. Ach ar an leathláimh eile bhí gol na bhfear is na mban ar cuireadh spíce tríothu san ár. Ní móide gur líonadh a gcluasa leis an Messiah nuair a bhí a gcuid fola ina slaoda ar an mblár.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar