CROBHINGNE:TÁ SÉ ráite faoi Shocraitéas – an fealsamh, agus ní duine de na peileadóirí den ainm sin – go dtrialladh sé ar an aonach gach aon mhaidin. D'fhiafraigh duine de: "A Shocraitéis," (mar bhí an tuiseal gairmeach ar eolas ag daoine sa Ghréig an t-am sin), "cad fáth go dtagann tú chun an mhargaidh gach aon lá, ach nach gceannaíonn tú aon phioc in aon chor?"
Thug sé freagra pras, seachas ceist a scaoileadh ar ais, mar ba dhual dó. “Tagaim anseo gach lá,” ar seisean, “ionas gur féidir liom na nithe go léir nach bhfuil ag teastáil uaim a fheiscint.”
Níorbh aon chabhair é Socraitéas d’eacnamaíocht chathair na hAetéine. Níor dhuine é a bhí sásta tumadh sa tomhaltóireacht ná nithe a bhí cheana aige a cheannach an dara huair.
Tá aithne agam ar mhná a bhfuil 70 mála acu. Ceann in aghaidh gach datha ar an scaif. Cúpla ceann eile ar son na n-earraí a cheannófar uair éigin amach anseo i mball éigin tráth éigin. Dornán eile ar son na ngiúirléidí nach mbeidh choíche acu, ach cá bhfios?
Sin é is brí le fás eacnamaíochta: go mbeadh an t-aonú mála seachtód ag bean, an dara gluaisteán ag an bhfear, an tríú liathróid ag an mac, an ceathrú fón póca ag an iníon, an cúigiú ríomhaire acu go léir, an séú saoire bliana thar lear ag an teaghlach, an seachtú lá saor ag an seirbhíseach (anois is arís), an t-ochtú huaireadóir ar eagla go dteipfeadh an t-am ort, an naoú cineál anlainn ar an deichiú saghas stéige.
Is é is fás eacnamaíochta ann go gceannóimis go brách nithe nach bhfuil ag teastáil uainn.
Is é íoróin an chaipitleachais go sáirsingítear orainn a bheith inár lucht oibre dícheallach. An obair ó dhubh go dubh, is ó bhreacadh geal na maidne go titimín déanach na hoíche siar. An chlogáil isteach in am is an t-am tae gearrtha siar go cnámh. An cíos ar an gcaint is an ceamara sa chúinne.
Ach nuair a scaoiltear na sclábhaithe pá saor le bualadh an bhuinneáin, is amhlaidh go n-iarrtar orthu dul le haer an tsaoil, imeacht le spéirling na hoíche, gluaiseacht le halltacht an ama, a bheith ina ndionyaoisiaigh bhuile seachas a bheith ina gceithearnaigh cheachartha a bhaileodh an cíos ar an mbraon anuas.
Ar an leith amháin, ní foláir duit obair ar nós an diabhail – bíodh is nach bhfuil aon fhianaise ann gur dhein an diabhal céanna stróc oibre riamh. Ar an leith eile, caitheann tú do chuid airgid a chaitheamh ar nós an diabhail, leis. An bhfuil duine éigin amuigh ansin ag iarraidh bob a bhualadh ort? An bhfuil tú féin ar na daoine sin?
Ach cuir i gcás gur duine tú atá sásta lena bhfuil agat? Cuir i gcás go bhfuil teach agat, agus post de shaghas éigin atá réasúnta socair, nó scil agat a dheimhneoidh go mbeidh éileamh ort ann is as, agus go bhfuil airgead an phionta agat, agus ceadúnas teilifíse sa tarraiceán, agus árachas sóisialta stáit, agus foireann le dealramh le leanúint, agus meabhair nach bhfuil maol ar fad, agus gur tusa tú féin, agus go bhfuil do chuid páistí mar ghnáthpháistí seachas páistí eile aníos as Ifreann nó as neamh na gcomharsan; cuir i gcás gur cuma leat teach a bheith agat san Algarve, nó an tríú hárasán a bheith agat sa Bhulgáir, nó tréitmint a fháil ar do chuid crobhingne gach re cúpla lá, nó seaimpiú faoi leith a fháil don mhaidrín púfach agat go rialta, 40 euro a chaitheamh ar bhuidéal uisce, nó a bheith ag slaparnach ar leabain chlúmh lachan ag milseogacht ar sheacláidí Beilgeacha arna smearadh le dusta diamaint, ná inchinn scrofa mar bhéile i dteannta le hispín fola spíosraithe agus pé rud atá uait...
Cuir i gcás go bhfuil tú sásta lena bhfuil agat. B’fhéidir gurb é sin an teachtaireacht is réabhlóidí dá bhfuil ann. Cuir i gcás go dtuigeann don dá fhocal ‘go leor’. Cuir i gcás go bhfuil go leor agat; murab ionann agus saoránaigh Photósi, nó bochtáin Mozambique, nó páistí sráide Chalcutta, nó striapaigh Phort au Prince, ná gnáthoibrí in Detroit.
Tá go leor agat, agus is leor, dá réir sin go gcodlódh tú in aon leaba amháin oíche ar bith, go n-íosfá aon bhéile amháin ag aon am amháin ar bith, go gcuirfeá do dhá chois síos ar an aon fhód amháin de réir mar a thuirlingeodh, go n-oirfeadh duit leabhar amháin a léamh sara mbeadh an ceann eile te anuas ón tseilf agat sa siopa, go siúlfá conair amháin go sroichfeá ceann scríbe seachas dul ar eitleán, ar bhád, ar bhuggaí, ar charbad, ar chapall, ar Maserati Quadroporto… Is í an tsaint a chomáineann an eacnamaíocht.; is é an sásamh deireadh an fháis.
Ná habradh aon duine ‘Go leor!’, nó ‘Táim sásta!’ nó is sinn a bheidh bochtaithe go deo.