CROBHINGNE:IS BEAG duine in Éirinn gurbh fhéidir linn intleachtóir idirnáisiúnta a thabhairt air. Sinn gafa go héag lenár gcuid cogaí beaga féin is mó is cúis leis. An tÉireannach a ghabhann thar lear, thar lear, seachas thar lear cúng na hEorpa, is a thuilleann cáil dó féin, is túisce gur misinéara é, nó popcheoltóir, nó duine a gabhadh san éagóir.
Níor mhar sin do Chonor Cruise O’Brien é. Ba phearsa idirnáisiúnta é a ghlac páirt in imeachtaí a linne, chun leasa is chun aimhleasa, ar nós na coda eile againn ar íochtar an domhain. Bhí aithne mhaith agamsa air. Bhí aithne mhaith agamsa air, faoi mar a bhí ag gach duine a léigh a chuid leabhar, a d’éist lena chuid tuairimí, a dhein iontas dá chuid dánaíochta, is a dhúisigh i lár na hoíche le fuarallas ag cur ina choinne go fíochmhar.
Tá sé imithe uainn anois, pearsa mhór imithe as an saol, agus cad a dhéanfaimid le fíoch sin na maidne a dhúiseacht? Leipreacháin ba ea giollaí eile na heite deise i bhfarradh leis, púcaí suaracha paidhl nach raibh acu ach nathanna agus sluamhanaí mar ghunnaí argóna. Bhí léann ar Chonor, léann fairsing fada fiosrach, léann cuimsitheach, críochach, conchúrach.
Chuireas aithne ar tús air nuair a léigh mé To Katanga and Back. Bhíos féin san Afraic san am, agus daoine ag titim béal marbh timpeall orm. Ba dhóigh liom ag an am sin gurbh é an ráiteas ab fhírinní riamh maidir le polaitíocht na gcumhachtaí impiriúla i gcoinne na mbundúchasach é, agus an ráiteas ba shoiléire maidir le polasaí eachtrannach na hÉireann é dar scríobhadh riamh. Tá sin fós fíor, pé ní a scríobh sé ina dhiaidh sin. Tugtar an chreidiúint sin dó.
B'é an chéad amhras a tháinig orm, léirmheas a scríobh sé ar ObserverDomhnaigh Shasana ar leabhar a bhain le cogadh 'cathardha' na Nigéire. Is ann a mhaígh sé gur dócha gurbh í 'íobairt fola' 1916 a spreag Biafra cur i gcoinne an Aontais Nigéirigh.
Nuair a dúrtsa leis, ag cruinniú poiblí, gur dócha gur mhó an bhaint a bhí ag 30,000 duine á gcur chun báis laistigh de dheireadh seachtaine amháin leis an gcogadh seachas teagasc shagart na hÉireann, ghabh sé le caint fhileata líofa san aer. Tá intleachtóirí ann gur mhó acu an focal na an fhuil.
Sampla léirfhírinneach é Crús de shaol ár linne. Is sinne ina chrutaon é. Is é saol intleachtúil na hÉireann é, an saol bocht aimlithe nár fhan le filleadh na céille. Sampla follas é den neach a thosnaíonn amuigh ansin ar uaigneas na heite clé ag cosaint cearta an duine, agus arb é a chríoch clasú le sluasheanóirí na heite deise ag cur clathacha leis an saol atá imithe.
Tá trácht déanta cheana ar an gcor a chuir sé i gcinniúint oirthuaisceart Éireann. Chuir sé leis an gcoimhthiú a bhain le Caitlicigh/Náisiúnaigh Uladh bige. Níorbh é an scaradh a bhraith Oráistigh linn ba mheasa, ach an scaradh a rinne Tadhg ó thuaidh leis an Rialtas ó dheas agus leis an slua ba dhual dóibh. Pé ní eile é, ní raibh sé riamh leamh.
B’é Seán Ó Ríordáin a thugadh ‘Crús’ air, agus iarracht den seanbhlas tríd. Ba mhinic leamhas á chur aige i leith Jack Lynch agus Garrett. Ach níor chuir sé leamhas riamh i leith O’Brien. Ní fhéadfaí é. Bhí gearradh agus faghairt agus stíl i ngach dar scríobh sé.
Tá cuibheas agus cruinneas in Maria Cross, an chéad leabhar riamh a scríobh sé ar scríbneoirí Caitliceacha, leabhar atá nach mór imithe i ndearmad. Mairfidh na leabhair mhóra, mar ba mhó ná taighde scoláiriúil amháin iad. Bhí smaointeoireacht iontu, agus paisean.
B’é an trua gur phaisean amú go minic é. Rud ab fhíor, leis, faoina chuid colúnaíochta. Is iontu seo is minicí a chonaiceamar an greann, an ghoimh agus an gheáitsíocht. Is maith is cuimhin liom cuid de na seoda a chaith sé againn. Fanann an éirim liom. Mhaígh sé dá dtiocfadh athaontú na Gearmáine ann, go mbeadh dealbh de Adolf Hitler i ngach baile de chuid na tíre laistigh de chúpla bliain. Bhíos féin sa Ghearmáin le déanaí, agus ní fhaca mé teimheal díobh.
Nuair a bhí tráchtairí eile maíteach as iompar lucht leanúna fhoireann sacair na Poblachta thar lear, iad a bheith chomh béasach gealadhraim ardghiúmarach sin, b’é a mhíniú air go dtéadh na bithiúnaigh agus na scraistí sráide go léir go dtí na cluichí Gaelacha. Is fíor go bhfuil bithiúnaigh ag plé leis na cluichí Gaelacha, ach tá a bhformhór ar an bpáirc agus an chuid eile i mbord an chontae.
Is é an t-iontas é go raibh duine chomh hardéirimiúil chomh léannta sin, chomh deargmhícheart chomh minic sin.
Braithfimid uainn é.