AGUS INS na laethanta sin d’imigh Íosa amach san fhásach, agus bhailigh sé a dheisceabail thart timpeall air. Agus d’iarradar air comhartha ó neamh a thaispeáint dóibh, agus rinne sé iarracht ar labhairt leo, ach sciúch na focail ina scornach.
Agus labhair siad ar a shon, mar bhí comhairle fachta acu ó na hardshagairt agus ó na dlíodóirí adúirt leo gur socrú is ea socrú, agus nach mbeadh sé cóir ná ceart ná iomchuí an dlí a chur i leataoibh.
“Agus is mise Bráthair Dé,” arsa duine díobh, “agus is tú adúirt é. Is mise a d’ísligh mé féin i láthair an linbh bhig agus sin é a rinne mór mé. Agus an té a ghlacann aon leanbh beag amháin den tsórt sin ina ghlac, sin é is mó i ríocht na bhflaitheas, nó ar a laghad ar an saol seo. Agus an té a thabharfaidh scannal do dhuine den mhuintir bheag seo a chreideann ionatsa, b’fhearra dó go gcuirfí bró muillinn ar a mhuineál agus é a chaitheamh isteach i ndoimhneacht na farraige, nó go dtabharfaí ardú céime dó, agus post sa chéad pharóiste eile. Agus is mairg don domhan mar gheall ar na scannail seo; ní foláir do na scannail teacht, ach b’fhearr iad a chur i bhfolach ón saol óir ní oirfeadh bráithre Dé a bheith ag dul timpeall ar leathshúil agus ar leathláimh.”
Agus tháinig an bhean ina láthair, mar is í a bhí go rialta, agus is ea adúirt: “Bí siúr den mhéid seo, cibé rud a rinneamar, rinneamar é in ainm an tí. Nach tú adúirt é: fágfaidh duine a athair is a mháthair agus cloífidh sé lena shiúracha, agus beidh siad beirt in aon fheoil, a mhinice agus is féidir. Dá bhrí sin, ní dhá fheoil iad feasta, ach aon fheoil amháin, agus tá sin go hiontach dúinne. Uime sin, an ní a cheangal Dia orainn a dhéanamh, bí cinnte nach scaoilfimidne é.”
Agus labhair siad leis i solaoidí mar bhí eagla orthu roimh an gcaint dhíreach. “Is maith mar a dúirt tú,” arsa siad leis, “an tomhas lena dtomhasfaidh sibh, sin é an tomhas ina dtomhasfar chugaibh”.
Agus thaitnigh an chaint sin leo, mar ní mó nár thuigeadar í, ach gur thuigeadar go maith agus go dóite “an té a bhfuil aige de bhuillí tabharfar tuilleadh dó, agus an té nach bhfuil faic aige, tógfar an méid sin féin uaidh”.
Agus labhair siad leis ina spiorad féin mar thug sé cumas dóibh ar ghalair a leigheas agus ar dháine a cheartú. Agus mheabhraigh siad dó ina fhocail féin cad é a bhí ráite aige ar eagla go raibh dearmad agus díchuimhne air:
Is aoibhinn do na bochta i spiorad, mar is leo fíoch na bhflaith.
Is aoibhinn do lucht ansachta páistí, mar is iad a gheobhaidh pléisiúr ar an saol seo.
Is aoibhinn do lucht dobróin, mar is iad a chaoinfidh uisce a gcinn.
Is aoibhinn don mhuintir a bhfuil ocras orthu, mar íosfaidh siad bualtrach ó bhróg.
Is aoibhinn don dream a bhfuil tart orthu, mar tá go leor le n-ól sa leithreas.
Is aoibhinn dóibh siúd a fhliuchfaidh an leaba, mar ní fhliuchfaidh siad an leaba níos mó.
Is aoibhinn dóibh siúd a shuífidh ar phota, mar beidh feitheamh fada faoi chompord acu.
Is aoibhinn dóibh siúd nuair a dhéanfar spídiú agus ciapadh agus an uile shaghas tromaíochta fírinní orthu, mar ní chreidfear focal ina gcoinne faoi bhun bhinse fiosraithe agus mórán bligeard ag bladaireacht fúthu.
Agus dúirt siad an méid sin ionas go gcomhlíonfaí an focal gurb iad tallann na talún, agus dá rachadh an tallann i leamhas conas a dhéanfaí tallann arís de.
Agus mheabhraigh siad arís dó gurbh é adúirt gurb é an té a chuireann an síol gurb é an bráthair a chuireann sé, agus nár déanadh an duine ar son na deabhóide, ach gur déanadh an deabhóid ar son go mbainfeadh an duine a leas féin as.
Agus is maith mar a bhí a fhios aige gur glaodh ar mhórán, ach nár buaileadh ach an beagán.
Agus chuir siad i gcuimhne dó an fear a tháinig chuige, agus go ndúirt sé leis: “Sín amach do lámh!”
Agus b’shin é a dhála siúd é. Síneadh lámh amach agus bhí an duine leighiste. Ar feadh tamaill.
Agus nuair a tháinig tráthnóna agus chuaigh grian faoi, thugadh siad ag triall orthu gach aon duine a bhí as a shláinte agus gach neach a raibh an duine ann. Agus leag siad lámh orthu, agus níor lig siad dóibh labhairt, mar bhí an t-údarás acu.
Agus tharla, nuair a bhí na comhráite sin críochnaithe acu leis, gur fhéach Íosa orthu, agus níor aithin sé iad. “Imigh laistiar díom, a Shútáin,” ar seisean de ghlór ard; ach faoin am sin ní raibh duine ar bith ag éisteacht.