CROBHINGNE: BA DHÓIGH leat dhá lá tar éis na ndrochbhearta go mbeadh Fine Gael réidh ullamh le srianta an rialtais a ghlacadh ina dhá nglaic.
Bheadh, leis, ach amháin gur tharla go raibh ardfheis acu ag an deireadh seachtaine. B’fhéidir gurb ait an focal ‘ard’ a úsáid i dtaca le rud ar bith a bhaineann le Fine Ghoul, ach ní móide go bhfuil blas ar bith ag baint le Feis Íseal, nó Feis-i-Leataoibh na Slí, nó Bun Fheis féin. De thoisc nach sádamhasacaisteach go háirithe mé shocraíos gan féachaint go róghrinn air, agus chonaic mé faoiseamh mór ar chuntanós an mhadra a fuair ciceáil go minic roimhe seo an tráth seo bliana.
Is fíor go bhfuil an tír ar fad ar scrobaig agus ar bís an dream lofa atá i gcumhacht faoi láthair a chaitheamh amach ar an mbanc dramhaíl. Mo bhrón, is banc dramhaíl gach banc dá bhfuil againn ar aon nós. Tá aithne agam ar dhaoine óga a bhfuil náire orthu a admháil go n-oibríonn athair nó máthair nó deirfiúr leo sa bhanc.
Is é mian gach n-aon go lionfaí poll tí liabáin leis an gcuid is measa de shúmairí na tíre a tháinig ar a gcapaill is nár fhiafraigh cé a bhí sábháilte. Tá gach sliabh ar fud Éireann is na móinte ar crith ar son go gcuirfí Fine Gaedheal i gcumhacht.
Is í an t-aon fhadhb amháin atá acu ná gur Fine Gúl i gcónaí iad, léine ghorm ar dhroim amháin díobh, agus léine róin ar an ndroim eile. Deir daoine gur cuma iad nó Fianna Fáil, gur Fianna Fáil éadrom iad. Níl de dhifríocht eatarthu ach seanairgead agus airgead nua.
Nó ná déanfadh siad an pheataíocht ar na caipitilithe céanna. Tá loighic éigin leis sin, don té nach cás leis ach an screamh amháin. Níor lig Fine Gale aon chat as aon mhála don chuid is mó. Bhí a gcuid cainteanna chomh hintuartha le húrscéal ar bith de chuid Cecilia Ahern, chomh leamh le Léig na hÉireann tráthnóna fliuch Domhnaigh.
Ach téann focail le spraoi, agus nocht smut beag den fhírinne aníos as an mbladar. Tá Fine Gall ag iarraidh go raghaimis isteach in NATO agus go nglacfaimis páirt sna cogaí concais a bheidh le teacht.
Thiocfadh sé de chor sa tsaol go mbeadh Fianna Fáil ag sáirsingiú an ruda chéanna orainn, mar is amhaidh go leanann siad srón na léinte gorma luath nó mall, mar a leanann an eaglais chaitliceach na protastúnaigh, is mar a leanann an intinn an faisean. Sin é a ndán is a dtoirtín mall is a mallacht.
Is é an t-aon locht amháin (voil, ní hé an t-aon locht amháin é, ach is nath deas tosaigh é) gur dócha nach mbeadh suim ar bith ag NATO ionainne. D’fháiltigh NATO roimh na stáit nua in oirthear na hEorpa mar gurb in oirthear na hEorpa iad. Tá aghaidh na comhghuaillíochta soir riamh, mar tá eagla orthu roimh na barbaraigh ghruagacha gan chultúr a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Eoraip shibhialta.
Níl aon bheann acu ar ionsaí aniar mura dtarlódh sé go lainseáilfeadh arm Hy Brasaíl diúracáin ó ghrinneall na farraige thíos chugainn. Agus níl aon bhaol go ndéanfaidh na Poncánaigh ionsaí orthu féin agus go n-iarrfaidh siad cabhair orainne.
Caiteachas de thimpeall 75 faoin gcéad de chaiteachas uile an domhain ar airm ollscriostacha an bháis a chaitheann tíortha NATO go caiteach. Uaireanta is gá é seo a chlóbhualadh le casúr ar chloigeann. Más é NATO arm Impireacht an Domhain, agus is é, gan cheist, gan agó, gan amhras, gan dabhta – cá bhfuil an namhaid? Roinnt feirmeoirí camall anoir as an bhfásach? Dornán de uaimheadóirí uathacha i bpluaiseanna gan ainm? Taibhsí i gcloigeann Fhinné Gol chun a gcuid dintiúirí neamhnáisiúnta a chur os ard?
Is é oighear an scéil é gur thit rialtas Phoblacht na Seice le déanaí toisc polasaithe fobarthacha ionsaitheacha concasacha NATO san Afganastáin. De sin, contúirt nach rithfear reifreann abhus maidir le Conradh Liospóin arís.
Fós is dóigh leis na tiarnaí gur féidir dul amach agus tíortha gan dealramh, tíortha gan stair na hEorpa, a thabhairt chun a múnla féin. An é nach eol dóibh go bhfuil go leor de ghnáthmhuintir na hEorpa bréan bailithe tinn tuirseach de chogaí concais agus gabhála?
Ní féidir tír dhaonlathach de réir múnla NATO a dhéanamh as an Afganastáin. Sin uile. Is trua nach dtagann Faidhn Gael aníos as an gcoinicéar ina bhfuil siad sáite, mar tá na daoine ocracha ag éamh agus ag glaoch ar son tarrthála agus fuascailte. Is dócha gur dóigh leo nach bhfuil am ar bith níos oiriúnaí ná an t-am i láthair ar son gan faic d’aon bhun a rá.