CROBHINGNE:TÁ AN Pápa sa Talamh Naofa, agus murar shiúil sé ar an uisce, shiúil sé ar uibheacha go ciúin. Gnó íogair cigilteach is ea é, mar más é Iarúsailéim cumar na dtrí chreideamh, is é cumar é ina dtagann an reiligiún agus an pholaitíocht le chéile go dlúth.
Ní fiú a shéanadh nach bhfuil baint ag an reiligiún leis an bpolaitíocht, agus a raibh de chogaí ann leis an talamh a bhfuil an Pápa ag siúl air a ghabháil ó na míchreidmhigh bharbartha fadó riamh.
Agus mura bhfuil na Críostaithe ag tiomsú arm ar fud na hEorpa le siúl trasna na mara chun na háiteanna inar inis Íosa scéalta fadó a fhuascailt níos mó, tá go leor reiligiún ann cheana féin chun reiligí domhaine a líonadh le gunnaí na polaitíochta.
Má bhí an bhéim ar an gcaidreamh a shamhlaigh na meáin a bheith ag an bPápaireacht leis na Giúdaigh, b’shin mar a shamhlaigh sciar maith mór de phobal Iosraeil an scéal chomh maith.
Ní bhainfeadh le béasa an forógra a dhein Pól IV sa bhliain 1555 a lua. B’shin é an ceann faoi dear na Giúdaigh a scuabadh isteach sna geiteoanna agus a dhearbhaigh gurbh iad a bhí ciontach i marú Chríost.
Ach b’fhéidir go raibh Iosrael meabhrach go maith go raibh cúpla geiteo cruthaithe acu féin ar lic a dhorais. Ceann díobh níl ach tuairim is fiche a cúig mhíle ar fhaid agus ceithre mhíle ar leithead, agus gan ach tuairim is milliún go leith duine ann. Seans go bhfuil níos lú ná sin anois, ach níl na codanna coirp ar fad curtha san áireamh fós.
Is lú na sin a luadh na crosáidí. B’fhéidir toisc gur tharla chomh fada sin ó shin; nó b’fhéidir toisc go bhfuil siad fós ar siúl. An t-am seo, dealraíonn go bhfuil na crosáidí bogtha tamaillín soir, agus seachas an talamh naofa a ghabháil ar ais, is mian an áit a raibh Ádhamh agus Éabha ag radaireacht i measc na gcrann a thabhairt ar an gcreideamh cóir. Ráineodh nach bhfuil an tíreolas iontach cruinn sa mhéid sin, ach cé a bhuaireann a cheann bocht faoi na baill sin lastoir ansiúd amuigh sort cineál áit éigin? Ar aon nós, nach bhfuil siad go léir a bheag nó a mhór mar a chéile?
Is tuigthe gan amhras anonn go bhfuil an fíoch fuath ag an saol Ioslamach d’iarthar domhain toisc nach mbíonn féasóga orainn agus go ligimid dár gcuid ban mótar a thiomáint. Agus nuair a réabann a gcuid arm trí na tíortha againn féin go laethúil, bíonn eagla orainn go gcuirfidh siad d’iachaibh orainn scríobh ón taobh deiseal go dtí an taobh tuathail agus an Córan a chur de ghlanmheabhair. Ar mhí-ámharaí an tsaoil níor múineadh mórán den leabhar beannaithe sin dom féin sa madras áitiúil a raibh mé féin ag freastal air.
Agus ar ámharaí an tsaoil táimidne anois ag múineadh an Bhíobla dóibh siúd. Idir babhtaí oideachais ón aer anuas tá saighdiúirí Mheiriceá ag scaipeadh cóipeanna den Bhíobla ina dteanga siúd i measc mhuintir na hAfganastáine. Pashtu agus Dari don chuid is mó, ach tá ar fáil i dteangacha eile chomh maith céanna ar son na cothromaíochta.
Ós rud é go scaiptear iad seo gan mórán míniúcháin ag dul leo is deacair a rá cad é an chiall a bhaineann na bundúchasaigh astu. Agus cé go bhfuil focail na leabhar beannaithe go léir an-simplí, is de shuimiúlacht nach féidir leis an ngnáthdhuine a mbrí a fhionnadh gan scuaine fhada de dhiagairí, shagairt, mhinistrí, rabbaíthe, imaim agus lucht critice a bheith á stiúradh.
Is dócha nach mbeadh aon deacracht ag sléibhteánach ar bith in Tora Bora glacadh leis an mbac atá i Leabhar Léivitic teangabháil a dhéanamh le seithe muice mairbhe, mar níl ach aon mhuc amháin sa tír go léir agus tá sin ar coraintín faoi láthair. Ná an teagasc gur measa iasc sliogáin a ithe ná blaisféim a dhéanamh, mar is fusa éalú ó chathú na sloigéisc i dtír nach bhfuil cósta ar bith aici. Ina choinne sin, bheadh eagla ort go dtabharfadh an cead do chuid iníonacha a dhíol mar sclábhaithe mar a mhaíonn Eacsadas misneach dóibh siúd ar mhaith leo fail réidh le cailíní dána. Fairis sin, mhaolódh margántaíocht mar sin an brabús atá le déanamh ag tionscal an chócaoin, an tionscal is tábhachtaí ar fad sa tír.
Deireann séiplíneach airm Mheiriceá san áit go bhfuil siad ag seilg daoine agus anamnacha d’Íosa. “Téimid ar a dtóir, cuirimid cú na bhflaitheas ar a sála, agus tiomáinimid isteach i ríocht Dé iad!” Seachas sa Bhíobla féin, is léir go bhfeiceann an chosmhuintir bhocht gur ag teacht anuas ó na flaithis atá bronntanais an iarthair.
Agus cé go bhfuil go leor acu breá sásta dul ar neamh, b’fhearr lena bhformhór fanúint ar an talamh seo go ceann tamaill fós.