Á batráil

CROBHINGNE: Tá an tseirbhís phoiblí ag fáil lán na beilte faoi láthair

CROBHINGNE:Tá an tseirbhís phoiblí ag fáil lán na beilte faoi láthair. Tá an tuargaint ag teacht don chuid is mó ó dhaoine san earnáil ramhar phríobháideach. Cloiseann tú géimneach bó á cur thar abhainn, agus uisce ag plobarnach i muilte na ndaoine atá ciontach.

An ghéarchéim áirithe seo, an ceann is déanaí, ní foláir duit miotóg a bhaint as ball bog éigin ded chorp d'fhonn a mheabhrú duit cad é go díreach a tharla. Cén fáth agus cad ina thaobh a bhfuil an tír in umar na hainnise maidir le hairgead de faoi láthair? Bhuel, mar a tharlaíonn sé ní hé caiteachas buile thiarnaí FÁS é, ná costas uisce bhunscoileanna na tíre é, ná inimircigh bhochta ag tarraingt an dóil le buile goile ocrais, na gruaig an Aire Sláinte, ná insteallaí frithailse do chailíní óga, ná deoch na Nollag sa státseirbhís, ná an bus idir Alt an Chorráin agus An Clochán Liath, ní hé ná ní hiad.

Is í is trúig le turnamh na tíre ná an earnáil phríobháideach! Saint agus alpaireacht agus confadh na mboc móra chun an phota óir gan beann ar an leas coiteann ná ar an lá amárach.

Cé a mharaigh an tíogar? Na bancéirí agus na tógálaithe. Cé a thacaigh leo? Na polaiteoirí agus na tráchtairí a shloig an teachtaireacht. Cad as a dtáinig an teachtaireacht? Aniar ar an ngaoth ó dhaoine a raibh an sclamhaireacht fuaite iontu.

READ SOME MORE

Cad is ainm don pheaca? An margadh. Cé eile atá ciontach? Gach duine a ghéill don mhargadh is a d'alp an teachtaireacht is a chan an ceol. Mar sin uair amháin eile, ar eagla na heagla, cé a mharaigh an tíogar? An earnáil phríobháideach.

Agus cé tá á mhilleánú? Is ea, an earnáil phoiblí. Tá seo ar cheann de na lúba intinne is cleasaí cliste ó maíodh gurbh iad na Giúdaigh a chuir Íosa chun báis in ionad na Rómhánach, agus gurb í an Iaráic a d'ionsaigh Meiriceá seachas an tslí eile timpeall.

Tá an earnáil phríobháideach ag titim as a chéile, agus cé a glaodh isteach chun fóirithint orthu? Is ea, an ceart agat arís, an earnáil phoiblí.

Agus cé hiad an earnáil phoiblí? Tusa agus mise agus eireaball gach muc de shaoránach is de shráideánach is de shléibhteánach a cheapann ar shlí shaonta éigin go bhfuilimid ar fad ag gabháil ar an mbóthar céanna.

Agus cad a dheineann an earnáil phoiblí? Múineann sí na páistí, is glanann na sráideanna, is tugann aire do na seandaoine, is bailíonn an bruscar, is gardálann na saoránaigh, is ciontaíonn na coirpigh, is stiúrann na príosúin, is oiliúnaíonn na príntísigh, is glanann an t-aer, is beathaíonn filí, is faireann an bia, is cothaíonn leabharlanna, is deisíonn scoileanna, is líonann na poill ar bhóithre, is cuireann comhairle ar dhaoine dochomhairleacha, is cosnaíonn páistí ar phaeidifiliaigh, is forbraíonn sláinte, is tógann ospidéil, is deontasaíonn dochtúirí, is fostaíonn banaltraí, is scaoileann eolas poiblí amach, is cuidíonn le dífhostaithe, is cumhdaíonn dílleachtaithe, is cuireann cúram othar ar fáil, is athchúrsáileann dramhaíl, is leigheasann geilt, is íocann airgead sóisialta, is réitíonn mótarbhealaí, is bronnann caipiteal ar chaipitlithe san earnáil phríobháideach a chaith a gcuid go cíocrach ciotrúnta ciotach gan chúram.

Agus cad a dhéanann an earnáil phríobháideach mar mhalairt air sin? Loiteann an t-aer, is eitlíonn bizniz clas, is truaillíonn an timpeallacht, is nimhíonn na muca, is breabann na polaiteoirí, is déanann airm ollscriosmhara, is reiceann drugaí, is eitlíonn bizniz clas, is tugann airgead nach leo ar iasacht, is imríonn cluichí ar an stocmhargadh, is díolann gluaisteáin athláimhe, is téann ag geallghlacadóireacht led phinsean, is éalaíonn óna gcuid cánacha, is pollann an ciseal ózóin, is leánn an mhol thuaidh is an mhol theas, is ceannaíonn an lá amárach, is eitlíonn bizniz clas, is leagann na foraoiseacha, is atann praghasanna, is séideann luachanna, is deargann feoil, is dathaíonn éisc, is dícheannaíonn sicíní le meaisín indícheannaithe cearc, is ceapann cuntais thar sáile, is maraíonn míolta móra, is cuireann scéalta sna meáin, is eitlíonn bizniz clas, is iompraíonn málaí donna páipéir, is uiscíonn an fuiscí, is ripeálann na tomhaltóirí áf atá inripáfáilte, is stiúraíonn na luamha a iompraíonn an chóicéin isteach go Béarra, is cumann na bréaga ar an teilifís, is creideann sa mhargadh seanchaite, is fostaíonn sclábhaithe, is lagaíonn an choincréit, is coimeádann airm phearsanta, is fuadaíonn longa, is saileann an béile, is eitlíonn bizniz clas mar is chuige sin go héag atá siad ann.

Mo dhamaint í an earnáil phríobháideach!

Mo ghreidhn í an earnáil phoibli!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar