Dáta breithe: 29 Meán Fómhair, 1949
Dáta báis: 6 Aibreán, 2026
Is é an chéad rud a ritheann le daoine go minic nuair a luaitear ainm Gabriel Rosenstock ná gur scríbhneoir bisiúil a bhí ann a scríobh go leor. Ní bheadh sa mhéid sin féin ach ráiteas leamh, óir is é a bhí bisiúil gníomhach peannlíofa thar cuimse gan teorainn. Meastar gur tuairim is 180 leabhar a tháinig óna pheann, fág go n-áirítear uimhir éigin idir 300 agus 400 de shaothair eile a raibh sé mar eagarthóir orthu nó baint aige lena saolú. Is é fírinne an scéil nach bhfuil a fhios ag aon duine, agus b’fhéidir nach raibh a fhios aige féin.
Níor cheart é a mheas ar a thoirt ná ar iomadúlacht, áfach, ach ar a fheabhas mar fhile, mar fhealsamh agus mar cheannródaí. Scríobh sé nua-fhilíocht ar chuma na haoise inar mhair sé, ach chleacht sé an haiku agus an tanka go rábach, fara aistriúcháin go fairsing i dteangacha go leor a bhí ar eolas aige, drámaí, úrscéalta, aistí, litríocht do dhaoine óga, leaganacha de scéalta idirnáisiúnta agus béaloidis, eagráin de sheanfhocail agus scéalta gaoise, go deimhin cineál ar bith a bhféadfaí litríocht a thabhairt air. Bhí toise agus téama amháin ina shnáth ceangailte ag gabháil tríothu seo go léir, agus b’é sin tóraíocht na gaoise agus lorgaireacht na tuisceana agus a raibh seilg áirithe spioradáltachta á thiomáint.
RM Block
Tógadh i mbaile Chill Fhíonáin é i gContae Luimnigh agus fuair formhór a chuid oideachais meánscoile i gColáiste na Carraige Duibhe. Ach is mar mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a chuir léitheoirí na Gaeilge aithne air mar fhile de chéaduair.
Ba mar chuid d’fhilí INNTI é i dteannta le Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomnaill, ceathrar a chuir réabhlóid ar bun i nua-fhilíocht na Gaeilge. Fág is gur léigh siad go minic le chéile go poiblí, níor ghluaiseacht sa cheart iad, óir ba shainiúil, ba phearsanta, agus b’éagsúil filíocht gach duine díobh. Ba nós le go leor d’fhilí na linne sin inspioráid a thál nó treoir a lorg ó éigse nua-aoiseach na hEorpa, nó neachtar acu a raibh ar siúl ag filí beat Mheiriceá thiar uathu; is soir a thug Gabriel a aghaidh, agus d’fhág an casadh sin lorg sainiúil ar nach mór gach ar scríobh sé feasta.
B’é ba thúisce d’fhilí sin INNTI cnuasach filíochta dá chuid féin a chur amach. B’é sin Susanne sa Seomra Folctha, teideal nach samhlófaí go furasta le cnuasaigh roimhe sin. Ba léire an deighilt ó ghnáth-thoibreacha na filíochta abhus le leabhair eile a lean sin, agus is iad a tháinig go mear. Thuigfí an treo sin ó theidil ar nós Om (1983) agus Syojó (2001), agus go deimhin chruthaigh sé pearsa darbh ainm dó Krishnamurphy, saoi ciúin foighneach a thug gach ní faoi deara le heagna.
Solaoid eile ar shnáthanna éagsúla seo an oirthir ba ea a leagan de scéalta agus de ráitis an Mullá Nasrúidín, an gamal gaoismhear, agus ar scáthán é ar mhórán dá thuiscint féin ar an saol. Leabhar taistil machnamhach tríd an India is ea Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, tír nó críoch a raibh sé eolach go maith uirthi agus ar thug sé cuairteanna éagsúla uirthi lena theaghlach.
In ainneoin an ghrá a bhí aige don India, bhronn an Phacastáin bonn Tamgha-I-Khidmat air mar aitheantas ar a chuid seirbhísí don litríocht.
Níl aon áit is gléiní a nochtar a chúram don taobh thoir ná an dúil a chuir sé i haiku mar fhoirm litríochta. Go deimhin, ba é a thug isteach sa Ghaeilge é agus a chrom ar a chraobhscaoileadh lena chuid dánta agus a chuid aistriúcháin féin. Mar bhreis fós, scríobh sé lámhleabhar air mar ealaín agus thug comhairle maidir lena chleachtadh. Chonaic sé an chosúlacht idir léargas obann, geit ghéar, samhail ghrinn an haiku agus na liricí gearra gonta sin a bhreacadh na manaigh agus na scríobhaithe ar imill pháir i dtréimhse na Sean-Ghaeilge. Bhí sé i mbun an traidisiúin a athnuachan ar shlí eile ar fad.
Dhá leabhar uaidh le déanaí i measc go leor eile is ea Orang-Utan/ Órang- Útan agus Snowy Owl/Ulchabhán Sneachtúil ar shaothair haiku don aos óg iad arna spreagadh ag saothair ealaíne éagsúla. Dánta spraíúla iad agus ar gné é sin den saothar iomadúil a chuir sé de do dhaoine óga i gcónaí. Chaithfí a rá gur dá mheon féin iad, meon a raibh an óige riamh ann, ina raibh an t-ionadh mar shúile.
D’aistrigh sé go flúirseach dóibh chomh maith, Tintin, Asterix agus An Gruffalo ina measc. Ach, fairis sin, chuir sé líon mór d’fhilí an domhain ó na ceithre hairde in aithne do phobal na Gaeilge agus is leor Peter Huchel, Muhammad Iqbal agus Rabindranath Tagore a lua anseo. Is de shuimiúlacht, leis, gur aistrigh sé dánta le Seamus Heaney go Gaeilge, gníomh athghabhála ar gnách é a bheith ar a mhalairt de chuma.
Toisc gurbh aistritheoir chomh healaíonta é féin, ba den cheart agus den chóir go bhfuair sé aistritheoirí a dhiongbhála ó bheirt de scothfhilí na tíre. D’aistrigh Paddy Bushe Rogha Dánta/Selected Poems agus b’é Michael Hartnett a thug Portrait of the Artist as an Abominable Snowman dúinn. Tá fairsinge eile gan aistriú, agus pé uair a rachmhar i mbun a chuid dánta go léir a chur amach in aon chnuasach amháin beidh obair mhór roimh eagarthóir agus roimh fhoilsitheoir.
Chleacht sé stíl ghlan Ghaeilge riamh, stíl a bhí fileata gan cháim, agus nach foláir nó bhí feidhm leis agus é ag obair mar eagarthóir sa Ghúm. Is lán-ait nár déanadh oiread sin obair cheart chriticiúil fós ar a shaothar, cé gur staidéar léannta tuisceanach an leabhar Na Buachaillí Bána le Pádraig de Paor ar fhilíocht Ghabriel agus Chathail Uí Shearcaigh.
Is maith mar a bhí sé airí ar gach gradam a bronnadh air, agus b’iomaí iad. Chaith sé a shaol leis an éigse agus b’aitheantas a bhallraíocht in Aosdána ar sin.
Fágann sé a bhean agus a páirtí saoil Eithne ina dhiaidh chomh maith lena gclann mhac is iníon, Tristan, Saffron agus Héilean. D’éag iníon eile leo, Éabha, in 2022.

















